Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Zafainiá 1:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 Scriosfaidh mé an duine agus an beithíoch; scriosfaidh mé éanlaith an aeir agus éisc na farraige (agus gach ábhar scannail agus gach rud a bhaineann tuisle as lucht an oilc) agus scuabfaidh mé an cine daonna chun siúil de dhromchla an domhain, a deir an Tiarna.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Díoghbháighfidh mé an duine agus an beathach, scriosfa mé éanlaith a naiéir, agus eisc na fairge, agus na cip thuisligh maille ris na ciontachaibh; agus geárrfa mé amach an duine ón ttalamh, a deir an TIGHEARNA.

Féach an chaibidil Cóip




Zafainiá 1:3
22 Tagairtí Cros  

Agus dúirt an Tiarna: “Scriosfaidh mé de dhroim na talún an duine a chruthaigh mé, agus mar aon leis an duine na hainmhithe, na péisteanna agus éanlaith an aeir, óir is aithreach liom a ndéanamh.”


Is amhlaidh sin a dhéantar leorghníomh in urchóid Iacóib agus seo é an luach a ghlanfaidh a pheaca: go gcaitheann sé le clocha na n‑altóirí go léir mar a chaithfeadh leis an chloch aoil a mheiltear. Cuaillí beannaithe ná galláin na gréine ní fhágfar ina seasamh


Arsa mise: “Cá fhad, a Thiarna?” D'fhreagair sé mé: “Go dtí go scriosfar na bailte agus go bhfágfar gan áitreabh iad, na tithe gan duine daonna, an tuath tréigthe,


agus go ndíbrí an Tiarna na daoine as. Fásach mór a bheidh i gcroílár na tíre,


(Cá fada a bheidh an tír ag caoineadh, agus féar na tuaithe ag seargadh? Tá eallach agus éanlaith ag fáil bháis mar gheall ar mhailís na n‑áitritheoirí.) De bhrí go n‑abrann siad: “Ní fheiceann Dia ár n‑iompar.”


Óir tá cine ag teacht ina haghaidh ón tuaisceart, a dhéanfaidh a tír ina fásach; ní bheidh cónaí ag duine ann feasta; thug siad as, idir dhuine agus bheithíoch, tá siad imithe.


Dá bhrí sin, is mar seo a deir an Tiarna Dia: Doirtfear mo fhearg agus mo chuthach ar an áit seo, ar dhuine agus ar ainmhí, ar chrainn na tuaithe agus ar thorthaí na talún; loscfaidh sé agus ní mhúchfar é.”


Ar son na sléibhte tógaigí suas golgháire agus gubha, agus ar son féarach an fhásaigh, caoineadh; óir bánaíodh iad; ní ghabhann aon duine ann, ní chluintear níos mó géimneach na dtréad. Éanlaith an aeir agus na beithígh, theith siad araon, níl siad ann.


De bhrí gur fhreastail siad orthu os comhair a n‑íol agus gur cheap tuisle peaca iad do mhuintir Iosrael, dá bhrí sin mhionnaigh mé ina n‑aghaidh - an Tiarna Dia a labhraíonn - go n‑iompróidh siad ualach a bpeaca.


Caitheann siad a gcuid airgid sna sráideanna agus is ábhar dímheasa acu a gcuid óir. Ní fhuasclófar iad de thairbhe airgid ná óir lá feirge an Tiarna; níl ar a gcumas seo an t‑ocras a shásamh ná an bolg a líonadh dóibh. Óir ba iadsan ba chionsiocair leis an urchóid acu.


Bíodh riar bhur gcáis de bhriathra agaibh, agus filligí ar an Tiarna agus abraigí leis: Maith dúinn ár gcionta uile, le go bhfaighimid uait rud is fónta, i ndíol ar na briathra a chanaimid duit.


Lonnóidh siad faoi mo scáth arís; saothróidh siad arbhar, agus beidh fíniúna ag fás acu, a mbeidh cáil orthu mar atá ar fhíon na Liobáine.


Dá dheasca sin triomóidh an tír agus meathlóidh a gcónaíonn inti, mar aon le beithígh an mhachaire agus éanlaith an aeir; agus fiú amháin éisc na farraige féin, rachaidh siad i léig.


“Ar an lá sin, a deir Tiarna na Slua, scriosfaidh mé ainmneacha na n‑íol den tír agus ní chuimhneofar orthu a thuilleadh. Mar an gcéanna díbreoidh mé na fáithe agus gach claonadh chun na neamhghlaine as an tír.


Cuirfidh Mac an Duine a aingil amach agus baileoidh siad gach ábhar scannail as a ríocht agus na daoine a thaobhaíonn an t‑olc,


Óir deirim libh, ní fheicfidh sibh mé as seo amach go ndéarfaidh sibh: ‘Is beannaithe an té atá ag teacht in ainm an Tiarna.’ ”


Tá beagán agam i d'aghaidh, áfach, mar tá daoine agat ansin atá ag cloí le teagasc Bhalám, an té a mhúin do Bhalac ceap tuisle a chur os comhair chlann Iosrael le go n‑íosfaidís bia íobartha d'íola agus striapachas a dhéanamh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí