Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Zafainiá 1:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 “Táim ar tí léirscrios a dhéanamh ar gach ní atá ar dhromchla an domhain, a deir an Tiarna.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 ¶ Scriosfa mé thríd amach a nuile ní ón talamh, a deir an TIGHEARNA.

Féach an chaibidil Cóip




Zafainiá 1:2
13 Tagairtí Cros  

Agus dúirt an Tiarna: “Scriosfaidh mé de dhroim na talún an duine a chruthaigh mé, agus mar aon leis an duine na hainmhithe, na péisteanna agus éanlaith an aeir, óir is aithreach liom a ndéanamh.”


Bíodh gur tháinig arm Arám ar bheagán slua, thug an Tiarna arm an-mhór suas dóibh, toisc gur thréigeadarsan an Tiarna, Dia a sinsear. Thugadar an íde a bhí tuillte aige ar Ióáis,


Is mar sin a comhlíonadh focal an Tiarna a labhair sé trí bhéal Irimia: “Coimeádfaidh an tír seo a sabóid i rith laethanta a hainnise go ceann deich mbliana agus trí scór, nó go mbeidh a sabóidí caite aici.”


Arsa mise: “Cá fhad, a Thiarna?” D'fhreagair sé mé: “Go dtí go scriosfar na bailte agus go bhfágfar gan áitreabh iad, na tithe gan duine daonna, an tuath tréigthe,


Éist, ordóidh mise é - an Tiarna a labhraíonn - agus tabharfaidh mé orthu teacht ar ais go dtí an chathair seo, í a ionsaí, a ghabháil agus a dhó go talamh. Déanfaidh mé fásach gan áitreabh de bhailte Iúdá.’ ”


Agus maidir le Iahóiácaím rí Iúdá, abair: ‘Is mar seo a deir an Tiarna: Dhóigh tú an scrolla seo, á rá: Cad chuige ar scríobh tú: Tiocfaidh rí na Bablóine go deimhin agus bánóidh sé an tír seo agus ní fhágfaidh duine ná ainmhí beo inti?


Dá bhrí sin, is mar seo a deir an Tiarna Dia: Doirtfear mo fhearg agus mo chuthach ar an áit seo, ar dhuine agus ar ainmhí, ar chrainn na tuaithe agus ar thorthaí na talún; loscfaidh sé agus ní mhúchfar é.”


Rinne an Tiarna a raibh beartaithe aige; an rabhadh a thug sé fadó riamh tá sé curtha i gcrích aige anois; tá sé tar éis tú a threascairt gan trua; rinne sé ábhar suilt do do naimhde díot agus chuir sé go mór lena gcumhacht.


Agus beidh an tír agus a háitritheoirí ina n‑ábhar uafáis de dheasca a ndrochghníomhartha.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí