Tá Dia ina lár, ní féidir í a bhogadh; tiocfaidh Dia i gcabhair uirthi le fáinne an lae.
Íseáia 33:3 - An Bíobla Naofa 1981 Le torann do theacht teitheann na ciníocha, nuair a éiríonn tú, as go brách leis na náisiúin; An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Fa ghuth an ghioraic do theith an pobal; ar do thógbhailse súas do sgabadh na cineadhacha. |
Tá Dia ina lár, ní féidir í a bhogadh; tiocfaidh Dia i gcabhair uirthi le fáinne an lae.
Go dtaga mo Dhia i gcabhair orm lena bhuanghrá agus dearcfaidh mé go buach ar mo naimhde.
Éireoidh Dia agus scaipfear a naimhde agus teithfidh as a láthair an dream a thugann fuath dó.
Óir is ón gclaíomh atá siad ag teitheadh, ó fhaobhar an chlaímh, ón mbogha agus é lúbtha, agus ó bhroid an chatha.
scuabtar suas a gcreach mar a scuabfadh lócaistí í, tugtar áladh uirthi ar nós áladh de chuid na míolta sin.
“Tairngir thusa ina n‑aghaidh na briathra seo uile, agus abair leo: ‘Nuallann an Tiarna ón ard, labhraíonn sé óna shanctóir naofa; béiceann os ard in aghaidh a chró caorach; ligeann gáir amhail an dream a shiúlann ar na caora. Cluineann áitritheoirí uile na talún an tormán;
sroicheann sé imill imigéiniúla an domhain. Óir tá an Tiarna ag cúisiú na náisiún, ag tabhairt an uile fheoil chun breithiúnais; tugann sé don chlaíomh na hurchóidigh - an Tiarna a labhraíonn.’