Beidh siad ina ndaoir aige mar sin féin i dtreo go dtuigfidís a bhfuil idir seirbhís domsa agus seirbhís do ríochtaí na dtíortha iasachta.”
Íseáia 26:13 - An Bíobla Naofa 1981 A Thiarna, a Dhia linn, bhí réim ag tiarnaí seachas tú féin orainn ach ní aithnímid ach tusa feasta, ní aithnímid ach d'ainmse amháin. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) O a THIGHEARNA ar Ndía, do bhí tighearnus ag tighéarnuighibh oilc táobh amuigh dhíotsa oruinn: achd is ionnadsa amháin thiucfam thar hainm. |
Beidh siad ina ndaoir aige mar sin féin i dtreo go dtuigfidís a bhfuil idir seirbhís domsa agus seirbhís do ríochtaí na dtíortha iasachta.”
mar a rinne mé leis an tSamáir agus lena cuid íol, nach amhlaidh fós a chaithfidh mé le Iarúsailéim agus lena dealbha?”
Déarfaidh sibh an lá sin: “Tugaigí buíochas don Tiarna, glaoigí air ina ainm! Fógraígí a éachtaí don phobal, meabhraígí gurb oirirc dá ainm.
tá a dtír lán de dhéithe bréige... Sléachtann siad go talamh i láthair saothar a lámh féin; os comhair an rud a dhealbhaigh a méara féin.
Is ea, ar bhealach do chuid breithiúnas tá muid ag fanacht ort, a Thiarna, is é d'ainm agus do chuimhne tnúthán ár n‑anama.
seo mar a deir Dia do Thiarna, do Dhiasa agus curadh cosanta do mhuintire: Seo, tá mé á thógáil as do láimh, an cupán sin an mhearbhaill; corn mo chuid feirge, ní ólfaidh tú as níos mó.
Is mian liom comharthaí caoindúthrachta an Tiarna a aithris, agus éachtaí an Tiarna a fhógairt, gach a ndearna an Tiarna ar ár son agus a iolmhaitheasa i leith teaghlach Iosrael, gach ar bhronn sé orthu le barr dáimhe agus ilchomharthaí a chaoindúthrachta.
Cuireann tú fáilte roimh an dream a chleachtann an ceart agus a mbíonn cuimhne acu ort féin agus ar do bhealaí. Tá fearg ort, agus déanaimid peaca dá ainneoin sin; is fada sinn ag déanamh ceannairce i do choinne.
An fear gaoil a iompraíonn na cnámha amach as na tithe chun iad a dhó, déarfaidh sé leis an té atá sa chuid is sia isteach den teach: “An bhfuil aon duine i do chuideachta fós?” Freagróidh seisean: “Níl! bí i do thost! caithimid gan ainm an Tiarna a lua.”
Óir gluaiseann gach uile cheann de na ciníocha ar aghaidh in ainm a dhé féin ach siúlfaimidne in ainm an Tiarna, ár nDia, go brách is choíche.
Anois, áfach, ó tá sibh fuascailte ón bpeaca agus dulta i seirbhís Dé, is i an naofacht atá mar thoradh agaibh agus is i an bheatha shíoraí a deireadh siúd.
Cé a thugann an seasamh ar leith duitse? Céard atá agat nach bhfuair tú? Agus más amhlaidh a fuair tú é, cad ab áil leat bheith ag maíomh as faoi mar nach bhfuair tú é.
Mar sin de, ofrálaimis íobairt bhuanmholta chun Dé trí Íosa Críost, is é sin le rá, briathra ár mbéil ag moladh a ainm.
ná caidreamh a dhéanamh leis na ciníocha atá fágtha fós in bhur measc, ná ainmneacha a ndéithe a lua, ná mionnú dar iad, ná fónamh dóibh, ná sléachtadh rompu.