Ansin tháinig scéin ar a raibh ar cuireadh ag Adoiníá agus d'éiríodar agus d'imíodar leo, gach duine díobh ag tabhairt a bhóthair féin air féin.
Íseáia 21:4 - An Bíobla Naofa 1981 Tá mearbhall ar mo chroí; tá scaoll orm de bharr an chreatha; an clapsholas a raibh mé ag dréim leis, is cúis chearthaí dom é. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Do criothnuigh mo chroidhe, dúamhnuigh eagla mé: diompóigh sé oidhche mo shólais a neagla dhamh. |
Ansin tháinig scéin ar a raibh ar cuireadh ag Adoiníá agus d'éiríodar agus d'imíodar leo, gach duine díobh ag tabhairt a bhóthair féin air féin.
Tá mé faoi chrá. Tá mé ag lúbarnaíl le pian. Á, ballaí mo chroí! - Tá mo chroí á shníomh. Ní fhéadaim gan labhairt, óir chuala mé fuaim an stoic agus dreasú an chatha.
An bhfuil fiabhras orthu? Ullmhóidh mise deoch dóibh agus tabharfaidh orthu a ól nó go dtiocfaidh orthu míogarnach agus codlóidh siad go síoraí, ní mhúsclóidh siad go deo - an Tiarna a labhraíonn.
“Tabharfaidh mé ar a huaisle agus ar a saoithe ól, ar a rialtóirí a feidhmeannaigh agus ar a fir troda; titfidh codladh síoraí orthu agus ní mhúsclóidh siad, a deir an rí, darb ainm Tiarna na Slua.”
Déarfaidh tú ar maidin: ‘Uch, nach é an tráthnóna é!’ agus tráthnóna: ‘Uch, nach bhfuil sé ina mhaidin!’ de bharr an scanradh a bheidh ar do chroí agus na radhairc a fheicfidh tú le do shúile cinn.
Mar iolar ag faire a neide, ar foluain os cionn a ghearrcach, leathann sé a sciatháin le breith air agus cuireann a eiteoga leis mar theannta.