Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Íseáia 20:1 - An Bíobla Naofa 1981

An bhliain ar tháinig an tArdoifigeach go hAisdeod, arna chur uaidh ag Sargon, rí na hAsaíre, d'ionsaigh sé Aisdeod agus ghabh é.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Annsa bhlíadhain a ttáinic Tartan go Hasdod, a nuáir do chuir Sargon rígh na Hassíria úadh é, agus do throid a naghaidh Asdod, agus do ghabh sé í;

Féach an chaibidil



Íseáia 20:1
9 Tagairtí Cros  

Chuir rí na hAsaíre an priomhchornaire (an ceann feadhna agus an príomhchoillteán) agus slua mór ó Láicís go Hiziciá rí in Iarúsailéim. Ghabh sé suas go Iarúsailéim agus nuair a tháinig sé ansiúd, sheas sé taobh le sileán na linne uachtair atá ar an mbóthar go Gort an Úcaire.


Ghabh sé amach le cogadh a chur ar na Filistínigh, agus leag sé anuas balla Ghat, agus balla Iaibne, agus balla Aisdeod, agus ansin d'atóg sé cathracha i ndúiche Aisdeod agus i gcríocha na bhFilistíneach.


Lig uaill sa gheata! Glaoigh ar chabhair sa chathair! Bíodh scéin ort, a Fhilistía go léir! Óir tá namhaid ag triall aduaidh ina dheatach agus fágálach ní bheidh ina chuid cathlán.


Na heachtrannaigh uile lena gcois (ríthe uile thír Úz); ríthe uile thír na bhFilistíneach, Aiscileon, Gazá, Eacrón agus fuílleach Aisdeod,


díbreoidh mé áitritheoirí Aisdeod agus rialtóir Aiscileon; agus iompóidh mé mo lámh in aghaidh Eacrón agus bascfar an Filistíneach deireanach, a deir an Tiarna Dia.


Níor fágadh aon Anácaím i bhfearainn chlann Iosrael ach ag Gazá, Gat, agus Aisdeod.


Nuair a ghabh na Filistínigh áirc Dé, thugadar leo í ó Eibin Eizir go hAisdeod.


Ba iad seo na neascóidí óir a d'íoc na Filistínigh mar íobairt chiontachta don Tiarna: ceann ar son Aisdeod, ceann ar son Ghazá, ceann ar son Aiscileon, ceann ar son Ghat, ceann ar son Eacrón;