1 Samúéil 5:1 - An Bíobla Naofa 19811 Nuair a ghabh na Filistínigh áirc Dé, thugadar leo í ó Eibin Eizir go hAisdeod. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)1 Agus do ghabhadar na Philistinigh aírc Dé, agus tugadar ó Eben‐eser go Hasdod í. Féach an chaibidil |
Agus ghabh briathar Shamúéil amach go hIosrael go léir. [Ach bhí Éilí an-aosta, agus lean a chlann mhac orthu lena gcoirpeacht in aghaidh an Tiarna.] [Tharla gur thionóil na Filistínigh an uair sin chun troid in aghaidh Iosrael] agus chuaigh Iosrael amach chun catha in aghaidh na bhFilistíneach agus shuíodar a gcampa láimh le hEibin Eizir, agus a gcampa ag na Filistínigh ag Afaec.