Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Amos 1:8 - An Bíobla Naofa 1981

8 díbreoidh mé áitritheoirí Aisdeod agus rialtóir Aiscileon; agus iompóidh mé mo lámh in aghaidh Eacrón agus bascfar an Filistíneach deireanach, a deir an Tiarna Dia.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Agus géarrfa mé amach an táitreabhthach ó Asdod, agus an té chongmhas an tslat ríogha ó Ascelon, agus iompocha mé mo lámh a naghaidh Ecron, agus imeochuidh fuighilleach na Bhphilistineach seachad, a deir an Tighearna DIA.

Féach an chaibidil Cóip




Amos 1:8
17 Tagairtí Cros  

Ghabh sé amach le cogadh a chur ar na Filistínigh, agus leag sé anuas balla Ghat, agus balla Iaibne, agus balla Aisdeod, agus ansin d'atóg sé cathracha i ndúiche Aisdeod agus i gcríocha na bhFilistíneach.


Dá mb'áil le mo phobal éisteacht liom; dá siúlfadh Iosrael i mo shlite,


Iompóidh mé mo lámh i do choinne, glanfaidh mé an tsal asat san fhoirnéis, agus tógfaidh mé uait an drochmhianach ar fad.


An bhliain ar tháinig an tArdoifigeach go hAisdeod, arna chur uaidh ag Sargon, rí na hAsaíre, d'ionsaigh sé Aisdeod agus ghabh é.


Briathar an Tiarna a tháinig go Irimia fáidh in aghaidh na bhFilistíneach sular thóg Forann Gazá de ruathar.


dá bhrí sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: Sínfidh mé mo lámh amach in éadan na bhFilistíneach, coscróidh mé na Ceiréitigh, agus scriosfaidh an chuid eile de lucht an chósta.


“Dorchóidh an ghrian agus beidh an ghealach chomh dearg le fuil nuair a thiocfaidh lá mór scéiniúil an Tiarna.


teilgfidh mé tine síos ar bhalla Ghazá a dhófaidh a páláis;


Fógair é i bpáláis na hAsaíre agus i bpáláis na hÉigipte agus abair: “Cruinnigí le chéile ar shléibhte na Samáire agus breathnaígí uaibh mí-eagar na cathrach sin agus an leatrom laistigh di.”


Beidh teach Iacóib ina thine, agus teach Iósaef ina lasair; agus teach Éasau ina choinleach. Cuirfear trí thine iad, agus loiscfear iad, agus ní fhágfar duine de theach Éasau beo. Tá an Tiarna tar éis labhairt.”


“Múscail thú féin, a chlaíomh, in aghaidh m'aoire, in aghaidh an fhir atá i bpáirt liom,” a deir Tiarna na Slua. “Buail an t‑aoire chun go scaipfear an tréad! Agus iompóidh mé mo lámh in aghaidh na n‑uan beag.


Feicfidh Aiscileon é sin agus tiocfaidh eagla uirthi; feicfidh Gazá é chomh maith agus beidh sí ag lúbarnaíl le scéin; beidh Eacrón ar crith freisin, mar cuirfear a dóchas ó chrích. Díothófar rí Ghazá agus ní dhéanfar cónaí in Aiscileon feasta.


Lonnóidh pór measctha in Aisdeod, agus buailfidh mé an t‑uabhar as an bhFilistíneach.


Ba iad seo na neascóidí óir a d'íoc na Filistínigh mar íobairt chiontachta don Tiarna: ceann ar son Aisdeod, ceann ar son Ghazá, ceann ar son Aiscileon, ceann ar son Ghat, ceann ar son Eacrón;


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí