Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Íseáia 19:24 - An Bíobla Naofa 1981

24 Sa lá sin, beidh beannacht ar Iosrael, mar aon leis an Éigipt agus an Asaír, a dtriúr, i lár na talún. Beannóidh Tiarna na Slua iad, á rá: 25 “Bíodh beannacht ar mo phobal, an Éigipt, ar an Asaír, déantús mo lámh, agus ar Iosrael, m'oidhreacht.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

24 Annsa ló sin biáidh Israel an treas leis an Négipt agus leis a Nassíria, na bheannuighadh a lár na críche:

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 19:24
22 Tagairtí Cros  

Déanfaidh mé cine mór díot agus beannóidh mé thú agus mórfaidh mé d'ainm chomh mór sin go mbeidh sé mar bheannacht ag daoine.


Sa lá sin, beidh bealach mór ann ón Éigipt go dtí an Asaír. Tiocfaidh an Asaír chun na hÉigipte, agus an Éigipt chun na hAsaíre. Beidh an Éigipt agus an Asaír ag adhradh Dé le chéile.


An lá sin, séidfear an stoc mór agus tiocfaidh siad siúd a bhí caillte i dtír na hAsaíre agus iad siad a díbríodh go críocha na hÉigipte, agus adhrfaidh siad an Tiarna ar an sliabh beannaithe in Iarúsailéim.


Is amhlaidh seo a labhraíonn an Tiarna Dia: Seo chuige! Bagraím lámh ar na ciníocha agus cuirim suas mo mheirge le haghaidh na náisiún. Tabharfaidh siad do mhic ar ais chugat ina mbaclainn agus d'iníonacha ar a ngualainn.


“Is fánach an mhaise duit a bheith i do ghiolla agam chun treibheanna Iacóib amháin a thabhairt chucu féin, chun ar slánaíodh d'Iosrael a thabhairt ar ais. Ceapfaidh mé thú i do sholas do na ciníocha, chun go dté mo shlánú go críocha na cruinne.”


agus má thagann an deichiú cuid de na daoine slán, is é an scrios atá i ndán dóibh freisin, ar nós na teiribinte, nach bhfuil fágtha di ar a leagan ach grágán. Síol naofa is ea an grágán sin.”


Ní dhéanfaidh siad tógáil a bheidh mar áit chónaithe ag daoine eile; ní chuirfidh siad síol le go mbeidh daoine eile ag ithe. Óir tabharfaidh mo mhuintir saol fada leo ar nós saol na gcrann, agus is fada a bheidh mo dhaoine tofa ag baint leas as saothar a lámh.


Seo mar a deir an Tiarna: Nuair a bhíonn fíon úr le fáil i dtriopall caora fíniúna, deirtear: “Ná mill é; tá beannacht ann.” Déanfaidh mise mar an gcéanna ar son mo sheirbhíseach. Ní mhillfidh mé an náisiún ar fad.


Óir is mar seo a deir an Tiarna: Cuirfidh mé an tsíocháin uaim ag triall uirthi mar bheadh abhainn ann, agus ar nós tuile ag sceitheadh thar bruacha saibhreas na gciníocha. Beidh a leanaí cíche á n‑iompar ar an leis agus á luascadh ar ghlúine.


[Socróidh mé iad thart ar] mo chnoc agus tabharfaidh an fhearthainn dóibh in am trátha agus beidh sí ina fearthainn beannachtaí dóibh.


Faoi mar ba mhallacht sibh tráth i measc na náisiún, a theaghlaigh Iúdá agus a theaghlaigh Iosrael, sin mar a shábhálfaidh mé sibh nó go mbeidh sibh in bhur n‑ábhar beannachtaí dóibh; ná bíodh aon eagla oraibh mar sin ach músclaígí bhur misneach.”


solas chun na náisiúin a shoilsiú agus glóir do phobail Iosrael.”


Ach má tá go ndearna siad, is iad féin atá faoi chomaoin acusan. Mar, má fuair na gintlithe a gcion de mhaoin spioradálta na nGiúdach, ba chóir dóibh fónamh dóibhsean lena maoin shaolta.


Tharla amhlaidh chun go dtitfeadh beannacht Abrahám ar na gintlithe in Íosa Críost agus go bhfaighimisne, tríd an gcreideamh, an Spiorad a bhí geallta.


[A spéartha, déanaigí lúcháir in éineacht leis! Tugadh clann Dé urraim dó!] A náisiúna, déanaigí lúcháir lena phobal; tráchtadh teachtairí Dé ar a chumhacht! Óir déanfaidh sé fuil a shearbhóntaí a dhíolt, agus díolfaidh sé an comhar lena naimhde. Déanfaidh sé aisíoc le lucht a fhuatha, agus déanfaidh sé fearann a phobail a íonghlanadh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí