Seo aníos chuige ón Níl seacht mba slíoctha méithe, agus chromadar ar iníor i measc na luachra.
Íseáia 19:6 - An Bíobla Naofa 1981 beidh boladh bréan ó na díogacha, agus srutháin na Níle ag titim agus ag triomú. Seargfaidh na feagacha agus na giolcacha, An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus iompochuid síad na haibhne a bhfad úatha; agus foilmheochthar agus tiormachthar súas aibhne an daingin; críonfuidh an giolcach agus an soileastar. |
Seo aníos chuige ón Níl seacht mba slíoctha méithe, agus chromadar ar iníor i measc na luachra.
Thochail mé toibreacha agus d'ól mé uiscí coigríocha. Thiormaigh sruthanna na hÉigipte faoi thrácht mo chos.
Staith iad agus iad fós i mbarr a nglaise, Mar is túisce a fheonn siad ná aon lusra.
Nuair a chuaigh di é a choimead faoi cheilt a thuilleadh, fuair sí cléibhín paipíre dó agus chuimil sí bitiúman agus pic de, agus chuir an leanbh ann, agus chuir i measc na n‑eileastram ar bhruach na habhann é.
Gheobhaidh na héisc san abhainn bás agus bréanfaidh an t‑uisce agus beidh an ghráin ag na hÉigiptigh ar uisce a ól aisti.’ ”
Och! uiscí Nimrím, is sceirdiúil an áit í; tá an féar feoite, an scraith ghlas seargtha, lusra níl ann níos mó.
tusa a sheolann do chuid teachtaí uait ar an bhfarraige, ag taisteal in árthaí giolcach ar dhroim na n‑uiscí. Imígí libh, a theachtairí meara, chun cine na scafairí griandaite, chuig an náisiún a raibh eagla rompu riamh anall, cine cumhachtach caithréimeach, sa tír a shileann na haibhneacha.
Thochail mé toibreacha agus d'ól mé uiscí na coigríche; thriomaigh mé le bonn mo choise srutháin na hÉigipte go léir.
An bhfuil tusa níos fearr ná an Teibh, cathair a bhí suite ar bhruach na hAbhann? (Bhí uiscí ina timpeall) Bhí an fharraige aici mar urbhalla agus na huiscí mar bhábhún.