Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eaxodus 2:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 Nuair a chuaigh di é a choimead faoi cheilt a thuilleadh, fuair sí cléibhín paipíre dó agus chuimil sí bitiúman agus pic de, agus chuir an leanbh ann, agus chuir i measc na n‑eileastram ar bhruach na habhann é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Agus a nuáir fhéad sí a cheilt ní budh faide, do rinne sí comhra buigbhinne, agus do chuir dóbáil lathuighe agus pic uirre, agus do chuir an leanamh innte; agus do chuir annsa tsoiliostar ar bhrúach na habhann é.

Féach an chaibidil Cóip




Eaxodus 2:3
10 Tagairtí Cros  

Agus dúradar lena chéile: “Téanam agus déanaimis brící agus tugaimis tine dóibh” - brící a bhíodh acu in áit cloch agus pic in áit moirtéil -


Bhí a lán log pice i nGleann Shidím, agus ag teitheadh do ríthe Shodom agus Ghomorá, thit chuid díobh isteach iontu agus theith an chuid eile chun na gcnoc.


Déan áirc duit féin de chrann gófar; déan seomraí inti agus cuir brat pice uirthi laistigh agus lasmuigh.


Ansin thug Forann ordú dá mhuintir go léir: “Gach gin mhic a bhéarfar do na hEabhraigh, caithigí san abhainn é; ach ligigí do na hiníonacha go léir maireachtáil.”


tusa a sheolann do chuid teachtaí uait ar an bhfarraige, ag taisteal in árthaí giolcach ar dhroim na n‑uiscí. Imígí libh, a theachtairí meara, chun cine na scafairí griandaite, chuig an náisiún a raibh eagla rompu riamh anall, cine cumhachtach caithréimeach, sa tír a shileann na haibhneacha.


beidh boladh bréan ó na díogacha, agus srutháin na Níle ag titim agus ag triomú. Seargfaidh na feagacha agus na giolcacha,


déanfar linn den talamh spallta agus toibreacha uisce de thír an tarta. Na huaimheanna mar a dtéadh na madraí allta a chónaí, beidh siad ina mothar cíbe agus giolcach...


Nuair a bhí siad imithe, thaispeáin aingeal ón Tiarna é féin i mbrionglóid do Iósaef agus dúirt: “Éirigh i do shuí, beir leat an leanbh agus a mháthair, agus teith don Éigipt, agus fan ann go n‑insí mé duit, mar beidh Héaród ar thóir an linbh chun a mharaithe.”


Ansin, nuair a chonaic Héaród go raibh na saoithe tar éis cleas a imirt air, tháinig fearg mhór air, agus chuir sé ordú amach na páistí uile a mharú i mBeithil agus sa chomharsanacht a bhí dhá bhliain nó níos lú, de réir tuairisc an ama a fuair sé ó na saoithe.


D'imir an rí seo calaois ar ár gcine. Rinne sé leatrom ar ár sinsir agus chuir d'fhiacha orthu a leanaí a chaitheamh amach i dtreo nach mairfidís.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí