Ach thug Irimia freagra ar na feidhmeannaigh agus ar an bpobal uile mar seo: “Chuir an Tiarna féin mise a fháidheoireacht na mbriathra uile a chuala sibh in aghaidh an Teampaill seo agus in aghaidh na cathrach seo.
¶ Annsin do labhair Ieremiah ris na prionnsadhuibh uile, agus ris an bpobal, ag rádh, Do chuir an TIGHEARNA misi dfáigheadóireacht a naghaidh an tighese, agus a naghaidh na caithreachso na huile bhríathra do chúalabhair.
Ach bíodh a fhios agaibh seo go dearfa, má chuireann sibh chun báis mé, go dtabharfaidh sibh go deimhin fuil neamhchiontach oraibh féin, ar an gcathair seo agus ar a muintir, óir go fírinneach sheol an Tiarna mise chugaibh a labhairt na mbriathra seo uile in bhur gcluasa.”
“Seo mar a deir an Tiarna: ‘Seas i gcúirt Theampall an Tiarna. Le muintir uile chathracha Iúdá a thagann go Teampall an Tiarna a adhradh, abair na briathra uile a d'ordaigh mise duit a labhairt leo; ná fág siolla ar lár.
D'fhreagair Peadar agus Eoin iad, áfach: “Fágaimid fúibh féin a mheas,” ar siad, “cé acu is córa dúinn i bhfianaise Dé, rud a dhéanamh oraibhse nó ar Dhia.