Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 26:15 - An Bíobla Naofa 1981

15 Ach bíodh a fhios agaibh seo go dearfa, má chuireann sibh chun báis mé, go dtabharfaidh sibh go deimhin fuil neamhchiontach oraibh féin, ar an gcathair seo agus ar a muintir, óir go fírinneach sheol an Tiarna mise chugaibh a labhairt na mbriathra seo uile in bhur gcluasa.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

15 Acht bíodh a fhios aguibh go dearbhtha, má chuirthí misi chum báis, go ttiubharthaói go deimhin fuil neimhchiontach oruibh féin, agus air an ccathruighsi, agus air a háitreabhthachaibh: óir go fírinnioch do chuir an TIGHEARNA misi chuguibh do labhairt na mbríatharso uile ann bhur cclúasaibh.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 26:15
21 Tagairtí Cros  

“Cad tá déanta agat?” arsa an Tiarna. “Tá guth fhuil do dhearthár ag glaoch orm as an talamh.


D'fhreagair Reúbaen: “Nach ndúirt mise libh gan coir a dhéanamh in aghaidh an bhuachalla? Ach thug sibh an chluas bhodhar dom agus seo anois a fhuil á hagairt orainn!”


agus chomh maith de bharr gach a raibh d'fhuil neamhchiontach doirte aige agus Iarúsailéim á líonadh aige ó cheann ceann le fuil neamhchiontach. Ní raibh maithiúnas le fáil ón Tiarna.


Ar an gcaoi sin rinne an rí Ióáis dearmad den bhuanghrá a bhí ag Iahóideá athair Zacairiá dó, ach mharaigh sé a mhac. Nuair a bhí seisean ag fáil bháis, dúirt sé: “Go bhfeice an Tiarna é seo agus go mbaine sé díoltas amach!”


Tá sé rudaí is fuath leis an Tiarna, agus is gráin lena chroí seacht gcinn:


Súil an uabhair, teanga an éithigh, lámha a dhoirt fuil neamhchiontach,


Is go díomhaoin a bhuail mé síos bhur gclann mhac; níor ghabh sibh aon cheartú; bhur gclaíomh féin, mar leon craosach, a mharaigh bhur bhfáithe.


go léiríonn do lámha lorg fola na neamhchiontach. Agus ní i gcionn tochailte a rug tú orthu siúd! Ach freagróidh tú astu seo uile go cinnte.


Ach níl do shúilese ná do chroí ach ar son do shainte féin, a dhoirteadh fuil neamhchiontaigh agus chun sáraithe, agus foréigean a dhéanamh.”


Is mar seo a deir an Tiarna: Cleachtaigí macántacht agus fíréantacht; saoraigí an truán as láimh an té a dhéanann leatrom air; ná déanaigí éagóir ar an gcoimhthíoch, ar an dílleachta, ar an mbaintreach; ná déan éigean; ná doirt fuil neamhchiontach san áit seo.


Ach thug Irimia freagra ar na feidhmeannaigh agus ar an bpobal uile mar seo: “Chuir an Tiarna féin mise a fháidheoireacht na mbriathra uile a chuala sibh in aghaidh an Teampaill seo agus in aghaidh na cathrach seo.


An briathar a tháinig go Irimia ón Tiarna.


gan sochar a bhaint as an strainséir, an dílleachta agus an bhaintreach (agus gan fuil neamhchiontach a dhoirteadh san áit seo), gan dul i ndiaidh déithe eile chun bhur ndochair féin,


Ná truailligí an talamh ina gcónaíonn sibh. Truaillíonn fuil an talamh agus níl leorghníomh ann don talamh ar son na fola a dhoirtear ann ach fuil an té a dhoirt é.


D'fhreagair Iúdás, fear a bhraite, agus dúirt: “An mise é, a Raibí?” Dúirt Íosa leis: “Tá sé ráite agat.”


agus chuir siad a gcomhairle le chéile chun Íosa a ghabháil trí cheilg agus é a chur chun báis.


Ar thitim dó ar a ghlúine scread sé in ard a ghutha: “A Thiarna, ná hagair orthu an peaca seo.” Agus leis sin shíothlaigh sé.


Ar an gcaoi sin ní dhoirtfear fuil an neamhchiontaigh sa tír atá an Tiarna do Dhia a thabhairt duit mar oidhreacht; d'fhágfadh a mhalairt ciontach i ndoirteadh fola thú.


Óir dhoirt siad fuil na naomh agus na bhfáithe, agus thug tú fuil le hól dóibh. A chonáchsan orthu!”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí