Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 26:16 - An Bíobla Naofa 1981

16 Ansin dúirt na feidhmeannaigh agus an pobal uile leis na sagairt agus na fáithe: “Ní cóir an fear seo a chur chun báis, óir labhair sé linn in ainm an Tiarna, ár nDia.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 ¶ Annsin a dúbhradar na prionnsadha agus an pobal uile ris na sagartuibh agus ris na fáighibh; Ní cóir an fearso do chuir chum báis: óir do labhair sé rinn a nainm an TIGHEARNA ar Ndía.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 26:16
19 Tagairtí Cros  

Cé sheasfaidh liom in aghaidh na n‑ainbheartach do mo chosaint ar lucht déanta an oilc?


Nuair a thugann bealaí duine taitneamh don Tiarna, déanann sé cairde fiú dá eascairde.


Ansin labhair na sagairt agus na fáithe leis na feidhmeannaigh agus leis an bpobal uile: “Tá breithiúnas báis tuillte ag an bhfear seo, óir thairngir sé in aghaidh na cathrach seo mar a chuala sibh le bhur gcluasa féin.”


Na prionsaí uile agus an pobal uile a chuaigh sa chonradh go ligfeadh gach aon duine dá sclábhaithe, idir fhir agus mhná, imeacht uaidh, agus nach gcoinneodh ina sclábhaithe iad níos mó, d'aontaigh siad agus lig saor iad.


Ansin dúirt na feidhmeannaigh le Barúch: “Imigh, téigh i bhfolach, thusa agus Irimia; agus ná bíodh a fhios ag aon duine cén áit a mbeidh sibh.”


D'iarr Ealnátán agus Daláiá agus Gamairiá ar an rí gan an scrolla a dhó, ach má iarr, ní eisteodh sé leo.


Bhí na feidhmeannaigh ar deargbhuile le Irimia, d'ordaigh siad é a bhualadh agus a chur faoi ghlas i dteach Iónátán rúnaí a ndearnadh príosún de.


An taoiseach céad, agus na fir a bhí ag gardáil Íosa in éineacht leis, nuair a chonaic siad an mhaidhm talún agus na nithe a tharla, bhí uamhan an-mhór orthu agus dúirt siad: “Go dearfa, ba é Mac Dé é seo.”


Agus maidir linne, is le ceart é: tá díol ár mbeart féin á thabhairt orainn ach ní dhearna sé seo rud ar bith as an tslí.”


Nuair a chonaic an taoiseach céad cad a tharla, bhí sé ag tabhairt glóire do Dhia á rá: “Ba dhuine fíréanta an fear seo go deimhin.”


Fuair mé amach gur mar gheall ar phointí áirithe dá ndlí féin a bhí siad á chúiseamh agus nach raibh aon ní ina choinne a thuillfeadh bás ná príosún.


Mhéadaigh ar an ngleo, agus d'éirigh roinnt scríobhaithe de chuid na bhFairisíneach agus thosaigh siad ag maíomh go colgach: “Ní fhaighimid aon locht ar an bhfear seo. Más ea féin gur labhair aingeal nó spiorad leis...”


Ach fuair mé féin nach raibh aon ní déanta aige a thuillfeadh an bás. Ach de bhrí gur ghairm sé féin an t‑impire, tá socair agam é a chur chuige.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí