Féach,” arsa Abrám ansin, “níor thug tú aon sliocht orm i dtreo go mbeidh daor a rugadh i mo theach féin ina oidhre orm.”
Irimia 2:14 - An Bíobla Naofa 1981 An sclábhaí mar sin Iosrael? Nó an le haghaidh na daoirse a rugadh é, go ndéantar é a chreachadh mar seo? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) ¶ An seirbhíseach Israel? an sclábhuidhe é rugadh san bhaile? cred as ar milleadh é? |
Féach,” arsa Abrám ansin, “níor thug tú aon sliocht orm i dtreo go mbeidh daor a rugadh i mo theach féin ina oidhre orm.”
Beidh an dlí céanna i bhfeidhm don dúchasach agus don eachtrannach a lonnaíonn in bhur measc.”
Cheannaigh mé sclábhaithe, idir fhir agus mhná, de bhreis ar na sclábhaithe teallaigh a bhí agam. Bhí níos mó eallaigh agus caorach i mo sheilbh agam, leis, thar mar a bhí, ag aon duine eile a bhí in Iarúsailéim romham.
Is amhlaidh seo a deir an Tiarna: Cá bhfuil bille dealaithe do mháthar, más ea, an dintiúr lenar chuir mé uaim í? Nó cé acu de mo chreidiúnaithe ar dhíol mé sibh leis? De dheasca bhur gcionta is ea díoladh sibh, de thairbhe bhur gcoireanna a séanadh bhur máthair.
Caithfidh tú scaradh le d'oidhreacht a thug mise duit; tabharfaidh mé i ndaoirse thú do do naimhde óir d'fhadaigh mo fhearg tine a loscfaidh go brách, i dtír nach aithnid duit.”
Agus nuair a déarfaidh siad: ‘Cad chuige a ndearna an Tiarna, ár nDia, na nithe seo linn?’ freagróidh tusa mar seo iad: ‘Faoi mar a thréig sibhse mise agus a rinne sibh fónamh do dhéithe iasachta ar bhur dtailte féin, mar an gcéanna caithfidh sibh fónamh do dhaoine iasachta i ndúiche nach libh féin.’ ”