Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Iósua 8:20 - An Bíobla Naofa 1981

Nuair a d'fhéach muintir Háí siar chonaiceadar an deatach ag éirí ón gcathair chun na spéire; ní raibh breith acu ar theitheadh mar seo ná mar siúd, mar an mhuintir a theith i dtreo an fhásaigh, d'fhilleadar ar ais ar an tóir.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus a núair do fhéachadar muintir Ai na ndíaigh, do chonncadar, agus, féach, do chuáidh deatach na caithreach súas go neamh, agus ní raibh neart aca teitheamh don táoibhsi ná don táoibh oile: agus na dáoine do theith fan bhfásach do fhilleadar ar a nais ar an ttóir.

Féach an chaibidil



Iósua 8:20
14 Tagairtí Cros  

D'fhéach sé uaidh síos i dtreo Shodom agus Gomorá agus an ghleanna mar a rith sé, agus chonaic sé an deatach ag éirí on talamh, mar dheatach ó fhoirnéis.


Ach féachfaidh lucht an oilc ina dtimpeall le súile marbhánta; Ní bheidh bealach éalaithe fágtha acu, Agus gan de dhóchas acu ach an dé deiridh.


Is solasmhar maorga thú, a Thiarna; is cumhachtaí tú ná [na sléibhte síoraí].


Oíche nó lá ní théann múchadh uirthi, tá an toit ag dul suas uaithi de shíor; beidh ina fásach ó ghlúin go glúin, duine daonna ní ghabhfaidh tríthi go deo.


A luaithe a shín sé a lámh d'éirigh lucht an luíocháin go mear as a láthair agus ritheadar ar aghaidh agus isteach sa chathair leo; ghabhadar í agus chuireadar trí thine í gan mhoill.


Nuair a chonaic Iósua agus clann Iosrael go léir go raibh an chathair gafa ag lucht an luíocháin, agus deatach na cathrach ag éirí in airde, d'iompaíodar ar ais agus d'ionsaíodar muintir Háí.


Agus ríthe an domhain, an dream a rinne striapachas léi agus teaspach, déanfaidh siad caoineadh agus lógóireacht fúithi nuair a fheicfidh siad deatach a tóiteáin;


Ghlaoigh siad arís: “Alleluia! Éiríonn a deatach uaithi ar feadh na síoraíochta.”


Ba é an comhartha a bhí socair idir arm Iosrael agus an lucht luíocháin, go gcuirfidís scamall mór deataigh suas ón gcathair,


Ach nuair a thosaigh an comhartha, an scamall deataigh, ag éirí ón gcathair, d'fhéach Biniáimin siar agus chonaic siad an chathair ar fad ag dul in airde mar uileloscadh chun na bhflaitheas.


Ansin chas arm Iosrael ar a sála agus thit an lug ar an lag ag arm Bhiniáimin, mar chonaiceadar go raibh an tubaiste sa mhullach orthu.