Cuirfidh tú na cuaillí sna fáinní ar thaobhanna na háirce, chun an áirc a iompar leo.
Iósua 6:6 - An Bíobla Naofa 1981 Ghlaoigh Iósua mac Nún ar na sagairt agus dúirt leo: “Tógaigí áirc an chonartha agus iompraíodh seachtar sagart seacht dtrumpa d'adharca reithe roimh áirc an Tiarna.” An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) ¶ Agus do ghoir Iosua mac Nun na sagairt, agus a dúbhairt riú, Togbhuidh súas airc an chunartha, agus iomchraidís móirsheisear sagart seachd stuic dadharcuibh reitheadh roimhe airc an TIGHEARNA. |
Cuirfidh tú na cuaillí sna fáinní ar thaobhanna na háirce, chun an áirc a iompar leo.
Idir an dá linn lean Sól ag bagairt báis ar dheisceabail an Tiarna. Chuaigh sé go dtí an t‑ardsagart
Ghabh sibh thar an Iordáin ansin gur bhain sibh Ireachó amach. Chuir muintir Ireachó cath oraibh, rud freisin a rinne na hAmóraigh, na Pirizigh, na Canánaigh, na Hitigh, na Giorgáisigh, na Hivigh, na Iabusaigh; ach thug mé iad go léir ar láimh daoibh.
agus thug na treoracha seo don phobal: “Nuair a fheicfidh sibh áirc chonradh an Tiarna bhur nDia agus na sagairt Léivíteacha á hiompar, ní foláir daoibh imeacht ó bhur stáitse agus í a leanúint
Agus dúirt Iósua leis na sagairt: “Tógaigí in airde áirc an chonartha agus ar aghaidh libh roimh an bpobal.” Agus thógadar in airde áirc an chonartha agus ar aghaidh leo roimh an bpobal.
Ghabh na seacht sagairt ar aghaidh roimh áirc an Tiarna ag iompar na seacht dtrumpa adhairce reithe ag séideadh na dtrumpaí gan stad; ghabh an t‑urgharda rompu amach, agus an cúlgharda i ndiaidh áirc an Tiarna agus na trumpaí á séideadh gan stad.
Nuair a sheinnfidh siad dord fada ar an adharc reithe, a luaithe a chloisfidh sibh glór an trumpa, ní foláir don phobal go léir gáir thréan chatha a chur astu, agus titfidh balla na cathrach ar lár gan mhoill; ansin ionsóidh an pobal an chathair gach duine ag sá roimhe.”
Dúirt sé leis an bpobal: “Gluaisigí romhaibh agus timpeallaigí an chathair agus téadh an t‑urgharda roimh áirc an Tiarna.”
Rinneadh gach rud mar a d'ordaigh Iósua don phobal: ghabh an seachtar sagart ar aghaidh ag iompar na seacht dtrumpaí adhairce reithe roimh an Tiarna, agus shéideadar a dtrumpaí; ina ndiaidh tháinig áirc chonradh an Tiarna.
Nuair a d'fhill na fir ar an gcampa, dúirt seanóirí Iosrael: “Cad chuige ar chuir an Tiarna an teitheadh orainn inniu roimh na Filistínigh? Tugaimis áirc chonradh an Tiarna linn ó Shileo d'fhonn go dtiocfadh sé inar measc agus sinn a fhuascailt ó chumhacht ár naimhde.”