Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 3:6 - An Bíobla Naofa 1981

6 Agus dúirt Iósua leis na sagairt: “Tógaigí in airde áirc an chonartha agus ar aghaidh libh roimh an bpobal.” Agus thógadar in airde áirc an chonartha agus ar aghaidh leo roimh an bpobal.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Agus do labhair Iosua ris na sagartnibh, ghá radh, Tóguidh súas aírc an chunnartha, agus éirghidhe thairis roimhe an bpobal. Agus do thógbhadar aírc an chunnartha súas, agus do chúadar roimhe an bpobal.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 3:6
11 Tagairtí Cros  

agus thug na sagairt an áirc suas leo,


Agus tháinig seanóirí Iosrael ar fad agus thug na Léivítigh suas an áirc;


Ag gluaiseacht rompu amach beidh an té a dhéanfaidh bearna dóibh. Brisfidh siad an geata agus imeoidh siad amach tríd. Gabhfaidh an rí rompu; is é an Tiarna féin a bheidh mar cheannaire orthu.


Chuir siad chun siúil ó shliabh an Tiarna agus rinne siad taisteal trí lá. Ghabh áirc chonradh an Tiarna ar an aistear trí lá seo ag lorg áit lonnaithe dóibh.


Má mharaíonn tú an mhuintir seo anois d'aon iarracht, déarfaidh na ciníocha a chuala i do thaobh:


mar a ndeachaigh Íosa isteach ina cheannródaí ar ár son nuair a rinneadh ardsagart síoraí de ar nós Mheilcizidic.


agus thug na treoracha seo don phobal: “Nuair a fheicfidh sibh áirc chonradh an Tiarna bhur nDia agus na sagairt Léivíteacha á hiompar, ní foláir daoibh imeacht ó bhur stáitse agus í a leanúint


Dúirt Iósua leis an bpobal: “Naomhaígí sibh féin, óir déanfaidh an Tiarna míorúiltí in bhur measc amárach.”


Dúirt an Tiarna le Iósua: “Inniu féin tosóidh mé ar thú a mhóradh i radharc Iosrael go léir d'fhonn go mbeadh a fhios acu go mbeidh mé faratsa faoi mar a bhíos fara Maois.


Ghlaoigh Iósua mac Nún ar na sagairt agus dúirt leo: “Tógaigí áirc an chonartha agus iompraíodh seachtar sagart seacht dtrumpa d'adharca reithe roimh áirc an Tiarna.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí