Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Iósua 4:23 - An Bíobla Naofa 1981

i dtreo go mbeadh a fhios ag muintir an domhain uile a thréine atá lámh an Tiarna, agus go mbeadh urraim agaibh féin go deo don Tiarna bhur nDia.”

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Oír do thiormuigh bhur TTIGHEARNA Día uisgidhe Iordan romhuibhsi, nó go ndeachabhair thairis, amhuil do rinne bhur TTIGHEARNA Día ris an muir Rúaidh noch do thiormuidh sé romhuinn, no go ndeachamar thairis:

Féach an chaibidil



Iósua 4:23
8 Tagairtí Cros  

mar cloisfear trácht thar d'ainm, thar do láimh thréan, agus thar do ghéag ar tinneall - má thagann sé agus guí a dhéanamh i dtreo an Teampaill seo,


Dheighil tú an mhuir rompu; Ghabh siad cosa tirime tríd an mórmhuir. Chaith tú an dream a bhí ar a dtóir isteach sa duibheagán, Mar a dhéanfaí cloch sa chuilithe.


Roinn sé an mhuir is sheol sé trasna iad; chuir sé na huiscí ina seasamh ina mballa.


Shín Maois a lámh os cionn na farraige agus thiomáin an Tiarna an fharraige ar ais le gaoth láidir anoir a shéid ar feadh na hoíche, agus rinneadh talamh tirim den fharraige. Dheighil na huiscí óna chéile,


Ghabh eachra Fhorainn isteach san fharraige lena gcarbaid agus lena gcarbadóirí, ach sheol an Tiarna uiscí na farraige siar orthu; shiúil clann Iosrael ar thalamh tirim tríd an bhfarraige.


Is mar seo a deir an Tiarna, a rinne bealach mór tríd an bhfarraige, cosán thar an mbóchna thréamanta;