Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Íseáia 43:16 - An Bíobla Naofa 1981

16 Is mar seo a deir an Tiarna, a rinne bealach mór tríd an bhfarraige, cosán thar an mbóchna thréamanta;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 Is marso a deir an TIGHEARNA, noch do ní slíghe annsa bhfairge, agus casán annsna huisgeadhuibh neartmhara;

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 43:16
21 Tagairtí Cros  

Dheighil tú an mhuir rompu; Ghabh siad cosa tirime tríd an mórmhuir. Chaith tú an dream a bhí ar a dtóir isteach sa duibheagán, Mar a dhéanfaí cloch sa chuilithe.


Thug sé casaoid don Mhuir Rua agus thiormaigh sí; agus sheol sé trí na tonnta mar trí fhásach iad.


Bhí do thoirneach ag tormáil mórthimpeall agus do splancacha ag soilsiú an tsaoil. Corraíodh an talamh agus chrith sé.


Bhí do shlí ar fud na farraige agus do chosáin sna huiscí móra bíodh nach raibh lorg do chos le feiceáil.


Roinn sé an mhuir is sheol sé trasna iad; chuir sé na huiscí ina seasamh ina mballa.


Ardaigh do shlat agus sín do lámh os cionn na farraige agus deighil ó chéile í i dtreo go siúlfaidh clann Iosrael ar thalamh tirim tríd an bhfarraige.


Ach shiúil clann Iosrael ar thalamh tirim tríd an bhfarraige agus na huiscí ina mballaí ar dheis agus ar chlé acu.


Má ghabhann tú trí uiscí doimhne, táimse leat; má ghabhann tú trí aibhneacha, ní bháfaidh siad thú. Má shiúlann tú tríd an tine, ní dhófaidh tú thú féin, ná ní loiscfidh an lasair thú.


Is mise a deir leis an Aigéan: “Bí tirim! triomóidh mé do chuid sruthanna.”


Cén fáth, nuair a tháinig mé, nach raibh aon duine ann romham, agus nuair a ghlaoigh mé, nach raibh duine le mé a fhreagairt? An amhlaidh, dar libh, atá mo lámh róghearr chun fuascailte? An é nach bhfuil cumas ionam chun tarrthála? Focal aithise uaim agus triomaím an fharraige, déanaim gaineamhlach de na haibhneacha; tá a gcuid éisc marbh cheal uisce agus ag morgadh leis an triomach.


An ea nach tusa a thriomaigh an fharraige, uiscí an Aigéin mhóir, chun bealach mór a dhéanamh as duibheagáin na farraige, le go bhféadfadh an dream a fuasclaíodh dul trasna?


Is mise an Tiarna do Dhia a chorraíonn an fharraige agus a chuireann a tonnta ag torann; Tiarna na Slua is ainm dom.


An Tiarna a bheir an ghrian mar sholas sa lá, an ghealach agus na réaltaí mar sholas san oíche, a shuaitheann an fharraige agus a bheir ar a tonnta búirthíl, an té darb ainm Tiarna na Slua, deir sé é seo:


Dhoirt an séú haingeal a shoitheach ar an abhainn mhór, an Eofrataes, agus chuaigh an t‑uisce inti i ndísc, i dtreo go mbeadh bóthar ullamh do na ríthe anoir.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí