Iósua 5:1 - An Bíobla Naofa 19811 Nuair a chuala ríthe na nAmórach a bhí sa dúiche laistiar den Iordáin agus ríthe uile na gCanánach a bhí ar fheorainn na farraige gur thriomaigh an Tiarna uiscí na Iordáine do phobal Iosrael, nó go rabhadar gafa anonn, tháinig beaguchtach orthu agus níor fhan aon mhisneach a thuilleadh acu de bharr chlann Iosrael. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)1 Agus tárla, a núair do chúaladar uile ríghthe na Namoríteach, do bhí ré táobh Iordan don táobh shíar, agus uile ríghthe na Gcanaaníteach, do bhí láimh ris an bhfairge, gur thiurmuigh an TIGHEARNA uisgidhe Iordan súas roimhe chloinn Israel, nó go ndeachamar thairis, gur leaghaidh a ccroidhe, agus nach raibh spiorad ionta ní bhus mó, tre eagla chloinne Israel. Féach an chaibidil |
Nuair a bhí an méid sin déanta tháinig na huachtaráin chugam agus dúirt: “Ní dhearna pobal Iosrael ná na sagairt ná na Léivítigh iad féin a dheighilt ó phobail na dtíortha atá báite i ngráiniúlachtaí - na Canánaigh, na Hitigh, na Pirizigh, na Iabúsaigh, na hAmónaigh, na Móábaigh, na hÉigiptigh agus na hAmóraigh -