Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 5:1 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Agus tárla, a núair do chúaladar uile ríghthe na Namoríteach, do bhí ré táobh Iordan don táobh shíar, agus uile ríghthe na Gcanaaníteach, do bhí láimh ris an bhfairge, gur thiurmuigh an TIGHEARNA uisgidhe Iordan súas roimhe chloinn Israel, nó go ndeachamar thairis, gur leaghaidh a ccroidhe, agus nach raibh spiorad ionta ní bhus mó, tre eagla chloinne Israel.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

1 Nuair a chuala ríthe na nAmórach a bhí sa dúiche laistiar den Iordáin agus ríthe uile na gCanánach a bhí ar fheorainn na farraige gur thriomaigh an Tiarna uiscí na Iordáine do phobal Iosrael, nó go rabhadar gafa anonn, tháinig beaguchtach orthu agus níor fhan aon mhisneach a thuilleadh acu de bharr chlann Iosrael.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 5:1
32 Tagairtí Cros  

Agus do ghluais Abram thríd an bhfearann go háit Shichem, go reidhteach Moreh. Agus do bhí an Canaaníteach ann tan sin san bhfearann.


Tuilleadh eile, tug me dhuitsi cuid ronna ós cionn do dhearbhráithreach, noch do bhean mé amach as láimh a Namoritigh leam chloidheamh, agus léam bhogha.


Agus do ghoir an rígh na Gibeonitigh, agus a dubhairt riú; (anois na Gibeonitigh ní do chloínn Israel íad, achd íarsma na Namoriteach; agus thugadar clann Israel mionna dhóibh: agus do thionnsgain Saul a marbhadh ioná theasghradh do chloinn Israel agus Iúdah).


Agus biádh a bhuird, agus suidhe a sherbhíseach, agus miniostralachd a luchd fritheoilte, agus a néuduighe, agus fós a ghiolluighe cupáin, agus a dhul súas mar a ttíagh súas go tigh an TIGHEARNA; ní raibh nios mó do spioruid inte.


Anois a núair do rinneadh na neithesi, thangadar na prionnsadha chugamsa, dha rádh, Níor dhealuigh pobal Israel, nó na sagairt, nó na Lebhítigh, íad feín ó dhaoinibh na ccríoch, ag déanamh do reír a ngráineamhlachd, eadhon na Ccananíteach, na Hititeach, na Bperisiteach, na Iebusiteach, na Nammomteach, na Moabiteach, na Négipteach, agus na Namoriteach.


Sihon rígh na Namoríteach, agus Og rígh Básan, agus uile rioghachta Chánaain:


Agus cuirfe me céarnabháin romhad, noch dhíbeorus amach an Hibhíteach, an Canaaníteach, agus an Hitíteach, as do lathair.


Do choncadar na hoileáin sin, agus degluigheadar ris; do bhádar corra an domhain eaglach, do thairngiodar a ngar, agus thangadar.


Agus abair, Is marso a deir an Tighearna DIA re Hierusalem; Is do thír Chanaan do bhreith agus do dhúthchus; do budh Amoríteach hathair, agus Hitíteach do mhathair.


Agus biáidh ann, a nuáir a déaruid síad riot, Cred as a nuchbhadhann tú? go bhfreagora tú, Ar son na scéul; do bhrígh go ttig sé: agus leighfidh a nuile chroidhe, agus biáid na huile lámha lag, agus anbhfainneochuidh gach uile spiorad, agus biáid na huile ghlúine lag amhuil uisge: féuch, atá sé ag teacht, agus do bhéarthar a ccrích é á deir an Tighearna DIA.


Annsin dáthruigh gnúis an rígh, agus do bhuáidhreadar a smúaintighthe é, iondus go rabhadar ailt a leasruigh scaóilte agus gur bhuáiliodar a ghlúine a naghaidh a chéile.


¶ Gidheadh do scrios misi an Tamoríteach rompa, a raibh a áirde cosmhuil le háirde cedair, agus do bhí laidir amhuil na dairghibh; gidheadh do scrios mé a thoradh a núas, agus a fhréamha fáoi.


Aítreabhuid na Hamelecitigh annsa bhfearann táobh ó dheas: agus na Hititigh, agus na Iebusítigh, agus na Hamorítigh, áitreabhas ar a tsliabh: águs na Canaanitigh áitrebhas láimh ris an bhfairge, agus láimh ré leithimeal Iordáin.


¶ Gidheadh níor fhéadadar clann Mhanasseh dúthchusaigh na gcaithreachsin do dhibirt amach; achd do choimhneochaidís na Canaanítigh annsa bhfearannsin.


Acht budh leachd an slíabh; óir is coill é, agus gearrfa tú síos í: agus budh leachd a dula amach: óir cuirfidh tú na Canaanítigh amach, bíodh go bhfuílid carbaid íaruinn aca, agus bíodh go bhfuilid láidir.


Agus má chítior dhaóibh gurob olc serbhís do dhéanamh don TIGHEARNA, toghaidh féin a niugh cía haca dá ndéantaoi serbhís; an do na déeibh noch dadhair bhur naithré táobh thall don tuile nó do dhéeibh na Namoriteach, a ndúithche a bhfuiltí: ach ar mo shonsa agus ar son mo thighe, foigheonam don TIGHEARNA.


Gur sheasadar na huisgidhe tháinic a núas ó náit shúas agus gur éirigh súas na chárn go ro fhada ón chathruigh Adam, atá ré táobh Sarétan: ach gur fhailligheadar íad sin tháinic a núas leath ré fairge an réitigh, a nfairge shaillte, agus gur gearradh amach íad: agus go ndeachadar an pobal a nonn go díreach as coinne Iericho.


Agus gur sheasadar na sagairt do iomchuir aírc chunartha an TIGHEARNA daingean ar talamh tirim a lár Iordan, agus go ndeachadar clanna Israel uile thairis air talumh tirim, nó go ndeachadar an pobal uile go hiomlán tar Iordan.


Agus seasfuid siad a bhfad uáithe ré faitcheas a peannuide, ag rádh, As trúagh, trúagh an chathair mhór Babilón, an chathair thréun! Óir a náonuáir amháin tháinic do bhreitheamhnus.


Anois tar éis bháis Iosua tárla, gur fhiafruigheadar clann Israel don TIGHEARNA, dhá radh, Ciá rachus uainn a naghaidh na Gcanaaníteach ar tús, do throid na naghaidh?


Marsin anois do dhibir an TIGHEARNA Día Israel, na Hamorítigh roimhe a phobal Israel, agus nar chóir dhuitsi a shealbhughadh?


Mar atá, cúig tighearna na Bhfilistíneach, agus na Canaanítigh uile, agus na Sidónianuigh, agus na Hibhitigh do áitribh a slíabh Lebanon, ó shlíabh Baalhermon go nuige dul a steach go Hámat.


Agus do reac an TIGHEARNA íad a láimh Iábin rígh Chánaain, noch ba rígh an Hasor; ba hé caiptín a shlóigh Sisera, noch dáitreibh ann Haroset na Ngeinteadh.


Ach tárla ar maidin, a nuáir do imthigh an fíon as Nábal, agus ar innis a bhean na neithesi dhó, go bhfuair a chróidhe bás ann a stigh, agus go raibh marbh mar chloich.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí