Sa lá sin, beidh altóir in onóir don Tiarna i lár thír na hÉigipte agus gallán coisricthe dó in aice na teorann.
Iósua 22:26 - An Bíobla Naofa 1981 Dúramar dá bhrí sin: ‘Tógaimís altóir anois, ní le haghaidh ofrálacha uileloiscthe ná íobairtí, An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Uimesin a dubhramairne, Tionnscnam a nois altoír do chur súas dhúinn féin, ní chum ofrála loisge, nó chum iodhburtha: |
Sa lá sin, beidh altóir in onóir don Tiarna i lár thír na hÉigipte agus gallán coisricthe dó in aice na teorann.
Nach ndearna an Tiarna teorainn den Iordáin idir sinne agus sibhse, a chlann Reúbaen agus a chlann Ghád? Níl cuid agaibh sa Tiarna.’ Ar an gcaoi sin d'fhéadfadh bhur gclannsa a chosc ar ár gclann-na seirbhís a thabhairt don Tiarna.
ach le bheith ina finné, idir sinne agus sibhse agus idir ár sliocht inár ndiaidh, go dtugaimid seirbhís don Tiarna lenár n‑íobairtí uileloiscthe agus ár n‑abhlanna agus ár n‑íobairtí comaoineach ina láthair, le heagla go mba fhéidir le bhur gclannsa a rá lenár gclann-na: “Níl cuid agaibh sa Tiarna.’ ”
I bhfad uainne ceannairc a dhéanamh in aghaidh an Tiarna, nó casadh i leataobh agus gan an Tiarna a leanúint trí altóir a thógáil d'íobairt uileloiscthe nó d'abhlanna, nó d'íobairt chomaoineach, seachas altóir an Tiarna, ár nDia, a sheasann os comhair a bhotha!”
Thóg Gideón altóir don Tiarna san áit sin, agus thug sé Síocháin É An Tiarna mar ainm uirthi. Tá sí ina seasamh ansiúd fós in Ofrá na nAibíezreach.