Íseáia 19:19 - An Bíobla Naofa 198119 Sa lá sin, beidh altóir in onóir don Tiarna i lár thír na hÉigipte agus gallán coisricthe dó in aice na teorann. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)19 Annsa ló sin biáidh altóir ag an TTIGHEARNA a meadhón thíre na Hégipte, agus piléur agá himiol don TIGHEARNA. Féach an chaibidil |
ach le bheith ina finné, idir sinne agus sibhse agus idir ár sliocht inár ndiaidh, go dtugaimid seirbhís don Tiarna lenár n‑íobairtí uileloiscthe agus ár n‑abhlanna agus ár n‑íobairtí comaoineach ina láthair, le heagla go mba fhéidir le bhur gclannsa a rá lenár gclann-na: “Níl cuid agaibh sa Tiarna.’ ”