Iósua 22:25 - An Bíobla Naofa 198125 Nach ndearna an Tiarna teorainn den Iordáin idir sinne agus sibhse, a chlann Reúbaen agus a chlann Ghád? Níl cuid agaibh sa Tiarna.’ Ar an gcaoi sin d'fhéadfadh bhur gclannsa a chosc ar ár gclann-na seirbhís a thabhairt don Tiarna. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)25 Oír do rinne an TIGHEARNA teóra do Iordan eadruinn agus sibh, a chlann Reuben agus a chlann Ghad; ní bhfuil roinn aguibh don TIGHEARNA: marsin do bhéaruid bhur gclannsa air ar gcloinne scur deagla an TIGHEARNA do bheith orra. Féach an chaibidil |
Nuair a chonaic Iosrael go léir nach raibh aon aird á tabhairt ag an rí orthu, d'fhreagair an pobal an rí: “Cén chuid atá againn i nDáiví? Níl aon oidhreacht againn i mac Ieise. Chun bhur mbothanna libh, a Iosrael! Tabhair aire do do theach féin feasta, a Dháiví!” Agus d'imigh Iosrael leo chun a mbothanna.
ach le bheith ina finné, idir sinne agus sibhse agus idir ár sliocht inár ndiaidh, go dtugaimid seirbhís don Tiarna lenár n‑íobairtí uileloiscthe agus ár n‑abhlanna agus ár n‑íobairtí comaoineach ina láthair, le heagla go mba fhéidir le bhur gclannsa a rá lenár gclann-na: “Níl cuid agaibh sa Tiarna.’ ”
Éisteadh mo thiarna an rí anois le briathra a shearbhónta; más é an Tiarna a ghriog thú i mo choinne, glacadh sé le hofráil; ach más daoine a rinne amhlaidh, go raibh mallacht orthu i láthair an Tiarna; óir tá mé ar ionnarbadh acu inniu i dtreo nach bhfuil aon pháirt agam in oidhreacht an Tiarna; dúradar: ‘Imigh leat agus déan seirbhís do dhéithe eile.’