Iósua 19:32 - An Bíobla Naofa 1981 Thit an séú crann ar chlann Naftáilí, ar chlann Naftáilí de réir a bhfiní. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) ¶ Tháinic an seiseadh crannchar amach do chloinn Naphtalí, ar son chloinne Naphtali do reír a muinntear. |
Ní foláir roinnt na talún a dhéanamh áfach ar cranna; faigheadh gach duine a oidhreacht de réir líon na n‑ainmneacha i dtreibheanna na bpatrarc.
D'fhág sé Nazarat agus chuir faoi i gCafarnáum cois na farraige, i gcríocha Zabúlun agus Naftáilím
Dúirt sé faoi Naftáilí: A Naftáilí, ar do shástacht le fabhair, agus lán de bheannachtaí an Tiarna, bíodh an loch agus an deisceart i do sheilbh.
Sin í oidhreacht threibh chlann Áiséar de réir a bhfiní - na cathracha sin lena sráidbhailte.
Shín a gcríocha ó Heilif agus ó Dhair Zanainím go hAdámaí Neicib, go Iabnael, agus ar aghaidh go Lacúm, agus stad siad ag an Iordáin.
Ná níor dhíbir Naftáilí lucht Bhéit Seimis agus lucht Bhéit Anát, ach chuireadar fúthu i measc na gCanánach a bhí ina gcónaí sa dúiche; ach b'éigean do lucht Bhéit Seimis agus Bhéit Anát dul faoi chuing na daoirse dóibh.
Chuir sí fios ar Bhárác mac Aibíonoam ó Cheidis i Naftáilí agus dúirt leis: “Seo é ordú an Tiarna Dia Iosrael duit: ‘Tionóil do chuid fear ag Sliabh Tábór agus beir leat fiche míle as treibh Naftáilí agus as treibh Zabúlun.