Ghabh críocha Chanán ó Shíodón i dtreo Ghearár go Gazá agus i dtreo Shodom agus Gomorá agus Adamá agus Zabóím go Laise.
Iósua 19:28 - An Bíobla Naofa 1981 bhain Eibreon, Rachob, Hamón, Cáná agus as sin go Síodón Mhór leis. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus Hebron, agus Rehob, agus Hammon, agus Cánah, eadhon go nuige Sídon mór; |
Ghabh críocha Chanán ó Shíodón i dtreo Ghearár go Gazá agus i dtreo Shodom agus Gomorá agus Adamá agus Zabóím go Laise.
Chuadar as sin go Gileád agus go Cáidéis i dtír na Hiteach; ansin chuadar go Dán, agus ó Dhán timpeall go Síodón.
Thángadar ansin go daingean na Tuíre agus go cathracha uile na Hiveach agus na gCanánach, agus ag sroicheadh ceann cúrsa i Neigib Iúdá ag Béar Seaba.
Dúirt sé: “Ná bíodh lúcháir ort níos mó, a mhaighdean ar a ndearnadh éigean, a iníon Shíodóine! Dá n‑éireofá agus triall anonn go Citím; thall ansin fiú, níl scíth i ndán duit ach oiread.”
Déanaigí mairgneach, a mhuintir an chósta, a cheannaithe Shíodóine, a mbíodh bhur bhfeidhmeannaigh ag taisteal na bhfarraigí
Náire agus ceann faoi ort, a Shíodón, óir seo mar a labhraíonn an tréanmhuir: “Tinneas clainne níl orm feasta, ná ní bheirim leanbh; níl clann mhac agam le tógáil ná iníonacha le hoiliúint.”
Rinne Íosa an chéad cheann sin dá chomharthaí i gCána sa Ghailíl, agus thaispeáin sé a ghlóir agus chreid a dheisceabail ann.
Chuaigh sé arís dá réir sin go Cána na Gailíle mar a ndearna sé fíon den uisce. Bhí oifigeach ríoga ann a raibh a mhac tinn i gCafarnáum.
An lá dár gcionn chuamar i dtír i Síodón, agus bhí Iúilias chomh lách sin le Pól gur lig sé dó dul ag fiosrú a chairde agus iad a dhéanamh cúraim de.
Thug an Tiarna ar láimh d'Iosrael iad; bhriseadar orthu agus chuadar sa tóir orthu siar chomh fada le Síodón Mhór agus Misreafot Maím agus soir chomh fada le Gleann Mhizpeá. Bhíodar á bpleancadh go dtí nár fágadh fear inste scéil díobh.
Níor dhíbir Áiséar lucht Acó amach, ná lucht Shíodón, ná lucht Achláb, ná lucht Aiczíb, ná lucht Aifíc, ná lucht Rachob.
Ní raibh aon duine a thiocfadh i gcabhair ar an gcathair mar go raibh sí i bhfad ó Shíodón, gan aon bhaint aici leis na hArámaigh. Bhí sí sa ghleann a bhaineann le Béit Rachób. Rinneadar an chathair a atógáil agus chuireadar fúthu inti.