Íseáia 23 - An Bíobla Naofa 1981Dán ar an Tuír agus Síodón 1 Fáistine i dtaobh na Tuíre. Caoinigí, a longa Thairsís, mar tá bhur longfort scriosta. Ar a mbealach ó thír Chitím is ea chuala siad an scéala. 2 Déanaigí mairgneach, a mhuintir an chósta, a cheannaithe Shíodóine, a mbíodh bhur bhfeidhmeannaigh ag taisteal na bhfarraigí 3 agus na bóchna móire. Arbhar na Níle agus fómhar na hAbhann a rinne a saibhreas, agus bhíodh sí ag díol leis an domhan mór. 4 Náire agus ceann faoi ort, a Shíodón, óir seo mar a labhraíonn an tréanmhuir: “Tinneas clainne níl orm feasta, ná ní bheirim leanbh; níl clann mhac agam le tógáil ná iníonacha le hoiliúint.” 5 Nuair a gheobhaidh siad an tuairisc san Éigipt, beidh siad ar crith de bharr chinniúint na Tuíre. 6 Tógaigí oraibh go Tairsís siar, a deir siad, bígí ag mairgneach, a mhuintir an chósta. 7 An é sin bhur gcathair ghriothalánach, a bhfuil cáil uirthi ón seanam anall, a dtugadh a cosa ag taisteal i bhfad, chun cónaí a dhéanamh i gcéin? 8 Cé a cheap an beart seo i gcoinne Tuír na gcoróineacha, a mbíodh a ceannaithe ina bprionsaí, agus a trádálaithe ar mhóruaisle na talún? 9 Is é Tiarna na Slua a bheartaigh, chun díomas a scéimhe a ísliú, chun toicithe na talún a chaitheamh síos. 10 Téigí le talmhaíocht, a mhuintir Thairsís, níl an calafort ann níos mó! 11 Shín an Tiarna amach a lámh os cionn na farraige agus chroith sé a cuid ríochtaí; thug sé an t‑ordú go scriosfaí dúnfoirt Chanán. 12 Dúirt sé: “Ná bíodh lúcháir ort níos mó, a mhaighdean ar a ndearnadh éigean, a iníon Shíodóine! Dá n‑éireofá agus triall anonn go Citím; thall ansin fiú, níl scíth i ndán duit ach oiread.” 13 Féach an tír seo dár dhual longa! Thóg na Caildéigh a dtúir léigir. Leag siad a cuid daingean agus d'fhág ina ballóg í. 14 Caoinigí, a longa Thairsís, mar tá bhur longfort scriosta! An Tuír á cur faoi Smacht 15 Tarlóidh sé an lá sin go ndéanfar dearmad ar an Tuír go cionn deich mbliana agus trí scór. Ach nuair a thiocfaidh rí eile i gcoróin, i gcionn deich mbliana agus trí scór, beidh an Tuír cosúil le striapach an amhráin: 16 Tóg do chláirseach, déan cuairt na cathrach, a striapach bhocht thréigthe! Seinn go binn, croch suas do cheol, spreag cuimhne ort sna daoine arís! 17 Mar sin i gcionn deich mbliana agus trí scór tiocfaidh an Tiarna ar a chuairt chuig an Tuír. Tosóidh sí arís ar chúiteamh a cuid striapachais a fháil. Deanfaidh sí striapach di féin le ríochtaí an domhain uile ar dhroim talún. 18 Ach déanfar a sochar agus a tuarastal a thiomnú don Tiarna; ní chruinneofar ná ní chuirfear i dtaisce iad. Is dóibh siúd a chaitheann a saol os comhair an Tiarna a rachaidh a sochar, chun go mbeidh a sáith le hithe acu agus éadach galánta. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart