Íseáia 23:18 - An Bíobla Naofa 198118 Ach déanfar a sochar agus a tuarastal a thiomnú don Tiarna; ní chruinneofar ná ní chuirfear i dtaisce iad. Is dóibh siúd a chaitheann a saol os comhair an Tiarna a rachaidh a sochar, chun go mbeidh a sáith le hithe acu agus éadach galánta. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)18 Acht biáidh a ceannuigheacht agus a túarusdal na náomhthacht don TIGHEARNA: ní hionnmhusfuighthear é agus ní cuirfighear a ttaisgidh é: óir biáidh a ceannuigheachd ag an ndroing aitreabhus a bhfíadhnuise an TIGHEARNA, dithe a sáithe, agus chum éaduigh bhuáin. Féach an chaibidil |