Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Íseáia 23:6 - An Bíobla Naofa 1981

6 Tógaigí oraibh go Tairsís siar, a deir siad, bígí ag mairgneach, a mhuintir an chósta.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Eirghidh thairis go Tarsis; núalluighe, sibhse áitreabhthacha a noiléin.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 23:6
8 Tagairtí Cros  

Dá dheasca sin, tá muintir Mhóáb ag caoineadh Mhóáb. Tá siad go léir ag caoineadh le chéile, i ndiaidh cístí rísín Chír Harasait tá siad ag mairgneach go cráite.


Óir is ón gclaíomh atá siad ag teitheadh, ó fhaobhar an chlaímh, ón mbogha agus é lúbtha, agus ó bhroid an chatha.


Téigí le talmhaíocht, a mhuintir Thairsís, níl an calafort ann níos mó!


Dúirt sé: “Ná bíodh lúcháir ort níos mó, a mhaighdean ar a ndearnadh éigean, a iníon Shíodóine! Dá n‑éireofá agus triall anonn go Citím; thall ansin fiú, níl scíth i ndán duit ach oiread.”


- airgead spréite as Tairsís, agus ór as Óifír - obair an tsnoíodóra agus saothar an cheardaí óir; saothar ceardaí éigin iad go huile; gléastar iad in éadach, corcra agus corcairghorm.


Scanraigh an chinniúint muintir na n‑insí; tá uafás ar na ríthe iontu agus cuma bhuartha ar a ngnúiseanna.


D'éirigh Ióna ach bhí sé meáite ar theitheadh go Tairsís ó láthair an Tiarna. Chuaigh sé síos go Iopa, mar sin, agus fuair sé long ann a bhí ar tí dul go Tairsís; d'íoc sé an táille agus chuaigh sé ar bord chun taisteal go Tairsís i gcuideachta na foirne ó láthair an Tiarna.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí