Iósua 18:6 - An Bíobla Naofa 1981 Déanaigí an fearann a roinnt faoi seacht in bhur dtuarascáil agus tuairisc a thabhairt anseo chugamsa i dtreo go gcuirfinn ar cranna é anseo daoibh i láthair an Tiarna, ár nDia. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Roinnfidhe ar a nadhbharsin an dúithche iona seachd ccotchaibh, agus do bhéarthaoi an roinn chugamsa annso, chor go tteilgfe mé crainn daóibh annso a bhfíadhnuisi bhur TTIGHEARNA Dé. |
Cuireann an crann críoch le haighnis, agus déanann réiteach idir aighneasóirí cumhachtacha.
Ní foláir daoibh é a roinnt ar cranna idir bhur bhfiní. D'fhine mór tugaigí oidhreacht bhreise, agus d'fhine beag oidhreacht níos lú. Mar a dtitfidh an crann, do gach duine, sin é a bheidh aige. Bíodh bhur n‑oidhreacht agaibh de réir na dtreibheanna sinseartha.
Ansin thug Maois ordú do chlann Iosrael á rá: “Sin é an tír atá le roinnt ar cranna agaibh, an tír a d'aithin an Tiarna a thabhairt do na naoi dtreibheanna go leith;
Agus tar éis dó seacht dtreibh i gCanán a dhíothú thug sé seilbh na tíre dóibh ar feadh timpeall ceithre chéad caoga bliain.
Rinneadh an roinnt don naoi dtreibh go leith ar cranna mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.
Chuir Iósua ar cranna dóibh é i láthair an Tiarna i Sileo, agus roinn sé an talamh ansiúd ar chlann Iosrael, a chion féin do gach dream díobh.
Níl aon chuid ag na Léivítigh in bhur measc; sagartacht an Tiarna a gcuid. Tá a n‑oidhreacht faighte ag Gád, ag Reúbaen, agus ag leaththreibh Mhanaise thoir lastall den Iordáin, faoi mar a thug Maois, óglach an Tiarna, dóibh.”
Chuir na fir chun bealaigh. Dúirt Iósua leo siúd a bhí le tuairisc a scríobh ar an tír: “Déanaigí an tír a iniúchadh ó cheann ceann agus tuairisc a scríobh air, agus filligí ansin orm. Cuirfidh mé ar cranna daoibh é anseo i láthair an Tiarna i Sileo.”