Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Iósua 17:13 - An Bíobla Naofa 1981

Nuair a chuaigh clann Iosrael i neart, chuireadar na Canánaigh faoi chuing na daoirse, ach gan iad a dhíbirt ar fad.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Gidheadh tárla, a nuáir do fhásadar clann Israel láidir, gur chuireadar na Canaanítigh fá chíos; achd níor dhíbreadar amach go hiomlán íad.

Féach an chaibidil



Iósua 17:13
13 Tagairtí Cros  

tuigeadh dó gur mhaith é áit lonnaithe, agus gur thaitneamhach é an dúiche; chrom sé a ghualainn don ualach, agus rinneadh daor de faoi sclábhaíocht éigin.


Mhair an chogaíocht, más ea, idir teaghlach Shóil agus teaghlach Dháiví; bhí Dáiví ag dul i neart agus i neart, ach bhí teaghlach Shóil ag dul i laige agus i laige.


a sliocht a fágadh sa tír ina ndiaidh, an mhuintir nár éirígh le clann Iosrael a chur faoin mbang; chuir Solamh iadsan go léir faoi chuing daoirse sclábhaíochta agus is mar sin atá acu go dtí inniu féin.


Mar bhuille scoir, téigí i neart sa Tiarna le fuinneamh a chumhachta.


Táim in ann gach ní a dhéanamh le cabhair an té úd a thugann neart dom.


Níor díbríodh na Canánaigh a bhí ag cur fúthu i nGeizir; tá cónaí orthu in Eafráim go dtí an lá inniu, ach tá cuing na daoirse orthu.


Ach ina ionad sin, leanaigí ar aghaidh ag bisiú i ngrásta agus in eolas ár dTiarna agus ar Slánaitheora Íosa Críost. Glóir dósan anois agus go lá na síoraíochta. Amen.


Nuair a chuaigh na hIosraelaigh i dtreise, chuireadar cuing na daoirse ar na Canánaigh, ach níor chuireadar an ruaig orthu.


Ná níor dhíbir Zabúlun lucht Chitreon ná lucht Nahalol. D'fhan na Canánaigh i measc Zabúlun, ach cuireadh faoi chuing na daoirse iad.


Ná níor dhíbir Naftáilí lucht Bhéit Seimis agus lucht Bhéit Anát, ach chuireadar fúthu i measc na gCanánach a bhí ina gcónaí sa dúiche; ach b'éigean do lucht Bhéit Seimis agus Bhéit Anát dul faoi chuing na daoirse dóibh.


Sheas na hAmóraigh an fód ag Har Heireas agus ag Aiálón agus ag Sealbaím. Ach nuair a luigh lámh theaghlach Iósaef go trom orthu, cuireadh faoi chuing a ndaoirse iad.