Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Iósua 15:8 - An Bíobla Naofa 1981

Ansin ghabh an teorainn Gleann Bhein Hiniom suas ag teacht aneas ar shlios an Iabúsaigh (.i. Iarúsailéim); chuaigh an teorainn suas go mullach an tsléibhe a threasnaíonn Gleann Hiniom, laistiar, ag imeall thuaidh Ghleann Rafáím.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus do chúaidh an téora súas ag gleann mhac Hinnom don taóibh ó dheas don Iebusíteach; sé sin féin Ierusalem: agus do chuáidh an téora súas go mullach an tsléibhe atá as coinne ghlinn Hinnom táobh shíar, noch atá ag éadan ghlinne na naitheach hudh thuáigh:

Féach an chaibidil



Iósua 15:8
17 Tagairtí Cros  

Nuair a tháinig na Filistínigh, chuireadar cóiriú oscailte orthu féin i nGleann Rafáím.


Tháinig na Filistínigh aníos arís agus chuireadar cóiriú oscailte catha orthu féin i nGleann Rafáím.


Thruailligh sé an fhoirnéis i nGleann Bein Hionnom i dtreo nárbh fhéidir d'aon duine a mhac nó a iníon a chur tríd an tine in ómós do Mhoilic.


Mháirseáil Dáiví agus a chuid fear ionsar Iarúsailéim, Iabús is é sin mar a raibh na Iabúsaigh, áitritheoirí na tíre.


D'ofráil sé túis i nGleann Mhac Hiniom agus thug ar a mhic féin fiú gabháil trí thine de réir mar a chleachtaí go náireach ag na ciníocha a dhíbir an Tiarna roimh chlann Iosrael.


i Zanoa, in Adulám agus ina shráidbhailte, i Láicís agus faoin tuath ina thimpeall, in Azaecá agus ina shráidbhailte; chuir siad fúthu ar an tslí sin ó Bhéar Seaba go Gleann Hionnom.


Amhail nuair a tharraingíonn an buanaí gabháil den arbhar chuige, agus go mbaineann a lámh na diasa; amhail nuair a bhíonn na ceannóga á gcnuasach i ngleann Rafáím.


Ar a theacht ar ais do Irimia as Toifit mar ar chuir an Tiarna é a fháidheoireacht, sheas sé i gcúirt Theampall an Tiarna agus dúirt leis an bpobal uile:


Imigh amach i dtreo Gleann Bhein Hionnom, go béal Gheata na Sligí Cré. Fógair ansin na briathra a inseoidh mise duit.


Mar sin tá na laethanta ag teacht anois - an Tiarna a labhraíonn - nach dtabharfar Toifit, ná Gleann Bhein Hionnom níos mó ar an áit seo, ach Gleann an Áir.


Ach níor fhéad muintir Iúdá na Iabúsaigh, lucht áitribh Iarúsailéim, a thiomáint amach; maireann na Iabúsaigh, dá réir sin, le muintir Iúdá in Iarúsailéim go dtí an lá inniu féin.


Ghabh an teorainn ansin síos le taobh an tsléibhe sall ó Ghleann Bhein Hiniom, lastuaidh de mhachaire na Rafáím, ansin síos isteach i nGleann Hiniom, laisteas de ghualainn na Iabúsach síos amach go hÉan Rogael.


Zaelá, Haeilif, Iarúsailéim, Gibea, Ciriat Iáraím - ceithre cathracha déag lena sráidbhailte. Sin í oidhreacht chlann Bhiniáimin de réir a bhfiní.


Ach theip ar chlann Bhiniáimin na Iabúsaigh a bhí ina gcónaí i Iarúsailéim a dhíbirt; tá na Iabúsaigh mar sin ina gcónaí le clann Bhiniáimin go dtí an lá inniu in Iarúsailéim.


(Thug clann Iúdá faoi Iarúsailéim agus ghabhadar é. Chuir siad muintir na cathrach chun báis agus an chathair trí thine.)


Ach ní fhanfadh an fear thar oíche; d'éirigh sé agus chuir chun bóthair, agus tháinig i radharc Iabús (Iarúsailéim is é sin). Bhí dhá asal lena ndiallaití aige agus a bhean luí in éineacht leis.