Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Iósua 14:6 - An Bíobla Naofa 1981

Tháinig dream de chlann Iúdá go Iósua ag Gilgeál, agus dúirt Cálaeb mac Iafuna, an Cinizeach, leis: “Tá fhios agat cad dúirt an Tiarna le Maois, óglach Dé, i gCáidéis Bairnéa mar gheall ortsa agus ormsa.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

¶ Annsin tangadar clann Iúdah go Iosuah a Ngilgal: agus a dubhairt Caléb mhac Iephunneh an Cenesíteach ris, Atá a fhios agad an ní a dubhairt an TIGHEARNA re Máoise óglach Dé dom tháobhsa agus dot thaobhsa ann Cades‐barnea.

Féach an chaibidil



Iósua 14:6
30 Tagairtí Cros  

Féach! tháinig giolla Dé ó Iúdá go Béitéil ar ordú an Tiarna, agus Iarobám díreach ina sheasamh ag an altóir chun an túis a ofráil.


Lean sé an giolla Dé, agus fuair é ina shuí faoi scáth crann darach. “An tusa,” ar sé, “an giolla Dé a tháinig ó Iúdá?” “Is mé,” a d'fhreagair sé.


“Bliain ón am seo,” ar seisean, “beidh mac i do bhaclainn agat.” “Cuir uait, a thiarna, a ghiolla Dé; ná hinis bréag do d'ionailt.”


Tháinig fear ó Bhál Seáiliseá agus thug leis chun giolla Dé arán a rinneadh de na céadtorthaí, fiche builín eorna agus arbhar úr [sa dias]. “Tabhair don phobal é le hithe,” arsa Eilíseá.


Dúirt sí lena fear céile: “Féach, táim cinnte gur fear naofa le Dia an fear seo a bhíonn ag síorthaisteal an bealach seo againne.


Ansin d'éirigh a cheannaithe teann, agus stán sé air nó go dtáinig náire air agus ghoil an giolla Dé.


Tháinig Eilíseá go dtí an Damaisc agus bhí Bein Hadad rí Arám tinn. Dúradh leis: “Tá an giolla Dé tagtha anseo.”


Áiríodh clann Mhaois, giolla Dé, ar threibh Léiví.


Achainí Mhaois, giolla Dé. 1 A Thiarna, is tú ba thearmann dúinn, ár ndídean ó ghlúin go glúin.


Thug mé go Teampall an Tiarna iad, go seomra mhic Hánán, mac Igdiliá, óglach Dé, láimh le seomra na n‑oifigeach, os cionn seomra Mhásaeiá mhic Shealúm, coimeádaí an dorais.


Thángadar go dtí Maois, Árón agus go comhthionól uile chlann Iosrael i bhfásach Phárán ag Cáidéis. Thugadar a dtuairisc dóibhsean agus don chomhthionól go léir agus thaispeánadar torthaí na tíre dóibh.


Bhí Cálaeb ag gríosú na ndaoine i láthair Mhaois agus dúirt: “Ar aghaidh linn gan mhoill agus gabhaimís seilbh ar an tír seo; is féidir dúinn é a smachtú.”


Thar ceann treibh Iúdá, Cálaeb mac Iafuna.


Ach tá malairt spioraid i mo shearbhónta Cálaeb. De bhrí go ndearna sé rud orm go beacht, tabharfaidh mé isteach é sa tír ina ndeachaigh sé agus beidh seilbh ag a shliocht air.


mionnaim nach rachaidh duine isteach sa tír a mhionnaigh mé a thabharfainn mar áitreabh daoibh,


Iósua mac Nún agus Cálaeb mac Iafuna, beirt de lucht braite na tíre, stróic siad a n‑éadaí,


Óir dúirt an Tiarna ina dtaobh-san: “Geobhaidh siad bás san fhásach.” Níor fágadh fear díobh seachas Cálaeb mac Iafuna, agus Iósua mac Nún.


seachas Cálaeb mac Iafuna an Cinizeach agus Iósua mac Nún mar leanadar seo an Tiarna go dílis.’


Seo í an bheannacht lenar bheannaigh Maois, giolla Dé, clann Iosrael roimh bhás dó.


Níor éirigh in Iosrael ó shin fáidh mar Mhaois, an té a ba aithin don Tiarna gnúis le gnúis.


Ansiúd i dtír Mhóáb, fuair Maois searbhónta an Tiarna bás faoi mar a d'achtaigh an Tiarna,


Ach ós óglach Dé tusa, seachain na nithe sin. Bíodh tóir agat ar an bhfíréantacht, ar an gcráifeacht, ar an gcreideamh, ar an ngrá, ar an bhfoighne agus ar an láchas.


ar shlí go mbeadh óglach Dé lánoilte ar a cheird agus ullamh i gcomhair gach cineál dea-oibre.


Ansin d'fhill Iósua, agus sluaite Iosrael go léir fairis, ar an gcampa ag Gilgeál.


Uime sin d'fhan Heabrón i seilbh oidhreachta Chálaeb mac Iafuna an Cinizeach mar go ndearna sé rud ar an Tiarna, Dia Iosrael, go beacht.


Ba é fear a ghabh í ná Oitníéil mac Canaz, deartháir Chálaeb; thug Cálaeb a iníon Acsá dó le pósadh.


Maidir leis an dá chloch déag a tógadh as an Iordáin, chuir Iósua ina seasamh iad i nGilgeál.