Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Ríthe 4:16 - An Bíobla Naofa 1981

16 “Bliain ón am seo,” ar seisean, “beidh mac i do bhaclainn agat.” “Cuir uait, a thiarna, a ghiolla Dé; ná hinis bréag do d'ionailt.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 Agus a dubhairt seision, Timchioll a namasa, do réir aimsire na beatha, biáidh mac agad. Agus a dubhairt sisi, Ní headh, ó mo thighearna, a óglaich Dé, ná déana bréug red bhanóglaich.

Féach an chaibidil Cóip




2 Ríthe 4:16
16 Tagairtí Cros  

Ach Íosác a bhéarfaidh Sárá duit an taca seo an bhliain seo chugainn, is leis a dhaingneoidh mé mo Chonradh.”


“Fillfidh mé ort,” arsa an t‑aoi, “sea, fillfidh mé um an dtaca seo an bhliain seo chugainn, agus beidh mac ag Sárá do bhean.” Bhí Sárá ag cúléisteacht ag doras na botha taobh thiar de.


Dúirt an bhean le hÉilias: “Cad é atá agat i m'éadan, a ghiolla Dé? An le mo pheacaí a chur ina luí orm agus le mo mhac a chur á mharú a tháinig tú anseo?”


“Féach,” arsa Éilias, “tá do mhac beo.” D'fhreagair an bhean: “Tá a fhios agam anois gur giolla Dé thú agus gur fíor briathar an Tiarna i do bhéal.”


Ach dúirt Obaidiá: “Cén peaca a rinne mé a rá is go gcuirfeá do shearbhónta i láimh Acháb le go marófaí mé?


Dúirt muintir na cathrach le hEilíseá: “Féach, is taitneamhach an ball í an chathair seo, mar is léir do mo thiarna, ach tá an t‑uisce bréan agus tá an ithir neamhthorthúil.”


Dúirt Eilíseá: “Cuir fios uirthi.” Ghlaoigh an searbhónta uirthi agus sheas sí ag an doras.


Ach ghabh an bhean gin agus rug sí mac um an dtaca sin an t‑earrach a bhí chucu faoi mar a dúirt Eilíseá léi.


Ansin dúirt sí: “Ar iarras mac ar mo thiarna? Nár dhúirt mé: ‘Ná meall mé’?”


Nuair a dúirt mé le corp eagla: “Is bréagach gach aon neach.”


Ach dúirt an t‑aingeal leis: “Ná bíodh eagla ort, a Zachairias, óir tá éiste le do ghuí, agus béarfaidh do bhean Eiliosaibeit mac duit, agus tabharfaidh tú Eoin mar ainm air.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí