Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

2 Ríthe 4 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)


Caibidil IV. Cúig míorbhúilte ainmncamhail deanta le Helisa.

1 Anois do éigh bean áirigh do mhnáibh mhac na bhfágh chum Elisa, gha rádh, Fuáir do shearbhfhoghantuigh mfear bás; agus atá a fhios agad go raibh eagla an TIGHEARNA air do sheirbhíseach: agus tháinic fear na bhfíach do bhreith mo dheise mac leis dá mbeith fá dhaóirse aige.

2 Agus a dubhairt Elisa ría, Cred dhéanadsa ar do shon? innis damh, cred atá agad ann do thigh? Agus a dubhairt sisi, Ní bhfuil éinni ag do bhanóglaich annsa tigh, achd pota ola.

3 Annsin a dubhairt seision, Eirígh fagh soithighe ar íasachd amuigh ód chomharsannuibh uile, eadhon soithighe folmha; ná táobh ré beagán.

4 Agus a nuáir thiucfas tú a steach, druidfidh tú an dorus ort féin agus ar do mhacaibh, agus dóirtfidh tú annsna soithighibh sin uile, agus cuirfe tú an soitheach lán a leathtaoíbh.

5 Marsin do imthigh sí uádh, agus do dhruid sí an dorus uirre féin agus ar a cloinn, noch thug na soithighe chuice; agus do dhóirt sí amach a nola.

6 Agus tárla, a nuáir do bhádar na soithighe lán, go ndubhairt sisi re na mac, Tabhair chugam fós soitheach. Agus a dubhairt sé ría, Ní bhfuil éantsoitheach nios mó ann. Agus do stad án ola.

7 Ann sin tháinic sí agus dinnis dóglach Dé. Agus a dubhairt seision, Imthigh, reac a nola, agus díol thfíacha, agus tárr féin agus do chlann suás air an ccuid oile.

8 ¶ Agus tárla lá éigin, gur ghabh Elisa thríd Shunem, mar a raibh bean mhórdha; gur choimheignigh sí é dithe aráin. Agus is marsin do bhí, dá mhionca dá ngéabhadh annsin, go ttíagh se a steach ann dithe aráin.

9 Agus a dubhairt sisi re na fear, Féuch anois, measuim gur duine náomtha re Dia an tési, ghabhus ré ar ttáobh go miníc.

10 Guidhim thú, déunum séomra beag, ar an mballa; agus cuiriom leabuigh annsin dó, agus bórd, agus stól, agus coinnleóir: agus as amhluidh bhías, a nuáir thiucfas sé chuguinn, go bhfillfidh sé annsin a steach.

11 Agus tárla lá éigin, dhá ttáinic sé ann sin, agus do chuáidh a steach don tséomra, agus do luigh sé ann.

12 Agus a dubhairt sé re Gehasi a shearbhfhoghantuigh, Goir an Tsunamiteachsa. Agus a nuáir do ghoir sé í, do sheas sí as a choinne.

13 Agus a dubhairt sé ris, Abair ría a nois, Féuch, do bhí tú cúramach iomuinne ris an gcúramsa uile; cred atá re déanamh air do shon? an áill leachd labhairt ris an rígh ad thimchioll, nó ré caiptín an tslóigh? Agus do fhreagair sisi, Ataím am chomhnuigh a measg mo dhaóine féin.

14 Agus a dubhairt seision, Cred oíle atá ré a dhéanamh ar a son? Agus do fhreagair Gehasi, Go deimhin ní bhfuil éanduine cloinne aice, agus atá a fear foirfe.

15 Agus a dubhairt seision, Goir í. Agus a nuáir do ghoir sé í, do sheas sí annsa dorus.

16 Agus a dubhairt seision, Timchioll a namasa, do réir aimsire na beatha, biáidh mac agad. Agus a dubhairt sisi, Ní headh, ó mo thighearna, a óglaich Dé, ná déana bréug red bhanóglaich.

17 Agus do toircheadh an bhean, agus rug sí mac annsa namsin a dubhairt Elisa ría, do réir aimsire na beatha.

18 ¶ Agus a nuáir do fhás an leanamh, tárla lá, go ndeachuidh sé amach chum a athar gus an methill bhúana.

19 Agus a dubhairt sé ré na athair, Mo cheann, mo cheann. Agus a dubhairt seision ré búachuill, Beir chum a mhathar é.

20 Agus a nuáir do rug sé air, agus thug chum a mhathar é, do shuigh sé ar a glúinibh go meadhon laói, agus fuáir sé bás annsin.

21 Agus do chuáidh sisi súas, agus do chuir na luidhe ar leabuigh óglaich Dé é, agus do dhruid sí an dorus air, agus do chuáidh sí amach.

22 Agus do ghoir sí air a fear, agus a dubhairt, Guidhim thú, cuir chugam, aon do na hóganachaibh, agus aon do na hasaluibh, go rithe mé go hóglach Dé, agus go ttí me a ris.

23 Agus a dubhairt seision, Cred as a rachfá chuige a niugh? ní ré núadh, nó saóire atá ann. Agus a dubhairt sisi, Biaidh go maith.

24 Ann sin do chuir sí díalláoid ar assal, agus a dubhairt ré na hóglach, Tarruing, agus gluáis romhuinn; ná failligh do mharcuigheachd ar mo shonsa, muna nabra mé ríot é.

25 Marsin do imthigh sí agus tháinic go hóglach Dé go slíabh Carmel. Agus tárla, a nuáir do chonnairc óglach Dé í a bhfad uadh, go ndubhairt sé ré Gehasi a óglach, Féuch, sí súd an Tsunamíteach:

26 Guidhim thú, rioth anois, na coinne, agus abair ría, An bhfuiltear go maith agad? an bhfuiltear go maith ag thfear? án bhfuil an leanamh go maith? Agus do fhreagair sisi, Atáthair go maith.

27 Agus a nuáir tháinic sí go hóglach Dé gus an ccnoc, rug sí ar chosuibh air: acht tháinic Gehasi a ngar dá ccur úadh. Agus a dubhairt óglach Dé, Léig dhi; óir atá a hanum ar na chrádh innte: agus do cheil an TIGHEARNA orumsa é, agus níor innis sé dhamh é.

28 Ann sin a dubhairt sisi, Ar íarr misi mac ar mo thighearna? nach dubhairt mé, Ná meall mé?

29 Ann sin a dubhairt sé ré Gehasi, criosluigh do cháol, agus glac mo bhatasa ann do láimh, agus imthigh romhad: má theagmhann éanduine riot, na beannuigh dhó; agus má bheannuighionn éanduine dhuit, na freagair é a rís: agus leag mo bhata ar aghaidh an leinimh.

30 Agus a dubhairt mathair an leinimh, Mar mhairios an TIGHEARNA, agus mar mhairios hanumsa, ní fúigfidh mé thú. Agus déirigh sé, agus do lean sé í.

31 Agus do ghluáis Gehasi rompa, agus do leag sé an bata ar aghaidh an leinimh; achd ní raibh guth, nó éisteachd ann. Uimesin do chuáidh sé na choinnesion a rís, agus dinnis dó, ghá rádh, Ní bhfuil an leanamh dúisighe.

32 Agus a nuáir thainic Elisa don tigh, féuch, do bhí an leanamh marbh, agus é na luidhe ar a leabuidhsion.

33 Uimesin do chuáidh sé a steach, agus do dhruid an dorus orra aráon, agus ghuidh sé an TIGHEARNA.

34 Agus do chuáidh sé súas, agus do luidh sé ar an leanamh, agus do chuir a bhéul air a bhéul, agus a shúile ar a shúilibh, agus a lamha air a lamhaibh: agus do shín sé é féin ar an leanamh; agus dfás feóil an leinimh te.

35 Ann sin dfill sé, agus do shiubhuil sé an tigh síos agus súas; agus do chuáidh sé súas, agus do shín sé é féin air: agus do rinne an leanamh sróthfurtach seachd nuáire, agus dfoscuil sé a shúile.

36 Agus do ghoir sé ar Ghehasi, agus a dubhairt ris, Goir an Tsunamíteachsa. Marsin do ghoir sé i. Agus a nuáir thaínic sí a steachchuige, a dubhairt seision, Tóg súas do mhac.

37 Ann sin do chuáidh sí a steach, agus do thuit sí agá chosuibh, agus do chláon í fein go nuige an talumh, agus do thóg súas a mac, agus do chuáidh si amach.

38 ¶ Agus thainic Elisa a rís go Gilgal: agus do bhí gorta annsa tir; agus do bhádar mic na bhfágh na suighe na fhiadhnuise: agus a dubhairt seision re na óglach, Cuir siós an pota mór, agus bruith phraiseach do mhacaibh na bhfágh.

39 Agus do chuáidh duine amach fán machaire do chnúasach luibhionn, agus fuáir sé fíneamhuin fhíadhuin, agus do chruinnigh dhe sin buinneáin lán a ochda, agus thainig agus do gheárr íad a bpota na praisigh: óir ní raibh a fhios aca cred íad.

40 Ann sin do liónadar amach do na daoinibh re a ithe. Agus tárla, a núair do bhádar ag ithe na praisigh, gur éigheadar, agus go ndubhradar, O a óglaich Dé, atá bás annsa bpotá. Agus níor fhéadadar ithe.

41 Acht a dubhairt seision, Tabhruigh chugam min. Agus do theilg sé san phota í; agus a dubhairt sé, Dóirt uáit chum na ndaoineadh, go níthid. Agus ní raibh dochar san phota.

42 ¶ Agus tháinic duine ó Bhaal‐salisa, agus thug chum óglaich Dé arán do na céad tórthaibh, fithche builín eórna, agus déusa iomlán arbha iona ccáithleach féin. Agus a dubhairt seision, Tabhair do na daoinibh, go nithid.

43 Agus a dubhairt a shearbhfhoghantuigh, Cred, fá ccuirfinnse so a bhfiaghnuise chéad fear? A dubhaírt seision arís, Tabhair do na daoinibh go nithid; óir is marso a deir an TIGHEARNA, Iosuid agus biáidh fuighioll aca.

44 Annsin do chuir sé sin iona bhfiaghnuise, agus a dúadar, agus do bhí fuigheall aca, do reír breíthre an TIGHEARNA.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí