agus go ndéanfaí d'aos grá a shaoradh. Fóir orainn le do dheasláimh agus éist linn.
Iósua 13:31 - An Bíobla Naofa 1981 Tugadh leath Ghileád, Aistearót, Eidreí, agus cathrachta ríoga Óg i mBáiseán do Mhácaír mac Mhanaise, do leath-chlann Mhácaír de réir a bhfiní. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus leath Gílead, agus Astárot, agus Edrei, caithreacha do rioghachd Og a Mbásan, noch do bhain re cloinn Mhachir mhíc Manasseh, eadhon do leath chloinne Machir do réir a mumtear. |
agus go ndéanfaí d'aos grá a shaoradh. Fóir orainn le do dheasláimh agus éist linn.
Óg rí Bháiseán, duine d'iarmhar na Rafáím, a bhí ag cur faoi in Aisteárót agus in Eidreí;
i mBáiseán, ríocht uile Óg a rialaigh in Aisteárót agus in Eidreí, agus arbh é iarmhar uaigneach na Rafáím é; chloígh Maois iadsan agus thiomáin as a seilbh iad.
Sin mar a roinn Maois na fearainn ar bhánta Mhóáb, lastall den Iordáin os coinne Ireachó.
Ar an tslí sin fuair Manaise deich ranna seachas dúiche Ghileád agus Báiseán lastall den Iordáin,
mar go bhfuair iníonacha Mhanaise oidhreacht chomh maith lena mhic. Leis an gcuid eile de chlann mhac Mhanaise dúiche Ghileád.
agus ar a ndearna sé leis an mbeirt rí Amórach a bhí lastall den Iordáin, Síochon rí Heisbeon agus Óg rí Bháiseán a bhí ag cur faoi in Aisteárót.
Rinne pobal Iosrael an t‑olc arís i bhfianaise an Tiarna. D'fhónadar do na Bálaím agus do na hAisteárót, do dhéithe Arám agus do dhéithe Shíodón, do dhéithe Mhóáb agus do dhéithe na nAmónach agus do dhéithe na bhFilistíneach; thréigeadar an Tiarna agus níor fhónadar dó a thuilleadh.
D'fhan Gileád thar Iordáin. Cad ab áil le Dán a bheith i measc loingeas na gcoimhthíoch? Shuigh Áiséar go sochma ar fheorainn na farraige, Ag cur faoi go síochánta ag a chalaí.
Ghlaoigh siad ar an Tiarna ansin á rá: ‘Pheacaíomar, mar thréigeamar an Tiarna; rinneamar seirbhís do na Bálaím agus do na hAisteárót; ach fuascail sinn anois ó lámha ár naimhde agus déanfaimid seirbhís duit.”
Ansin dúirt Samúéil le teaghlach Iosrael go léir: “Má tá sibh ag filleadh ar an Tiarna ó chroí go hiomlán, cuirigí i leataobh uaibh na déithe deoranta atá agaibh, agus na hAisteárót, agus dírigí bhur gcroí ar an Tiarna, agus déanaigí fónamh dósan amháin, agus fuasclóidh sé sibh ó láimh na bhFilistíneach.”