Agus thug Meilcizidic rí Sheáléim arán agus fíon amach; ba shagart le Dia ró-ard é.
Iósua 10:1 - An Bíobla Naofa 1981 Tharla ansin gur insíodh do Adonaízidic rí Iarúsailéim gur ghabh Iósua Háí agus gur chuir sé an chathair faoi bhang, agus gur thug sé an íde chéanna uirthi féin agus ar a rí agus a thug ar Ireachó agus ar a rí; agus go ndearna lucht Ghibeón síocháin le clann Iosrael agus go rabhadar tagtha chun muintearais leo. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Anois táinic a ccrích, a núair do chúaluidh Adonísedec righ Ierusalem mar re ghabh Iosua Ai, agus gur dhíothlaithrigh sé thríd amach í; mar do rinne re Iericho agus re na rígh, marsin do rinne re Hái agus re na righ; agus mar do rinneadar muintir Ghibeon síth ré Israel, agus mar do bhádár na measg; |
Agus thug Meilcizidic rí Sheáléim arán agus fíon amach; ba shagart le Dia ró-ard é.
Rí Shailéim agus sagart an Dé is airde ab ea an Meilcizidic seo. Nuair a bhí Abrahám ag filleadh abhaile ó ár na ríthe bhuail Meilcizidic leis agus thug sé a bheannacht dó
Ansin chuir Adonaízidic rí Iarúsailéim scéala chun Hóhám rí Heabrón, Pireám rí Iarmút, Iáfia rí Láicís agus Deibír rí Eaglón.
Scriosadar a raibh sa chathair ar fad le faobhar claímh - fir agus mná, óg agus aosta, fiú na daimh, na caoirigh agus na hasail.
Déan le Háí agus lena rí mar a rinne tú le Ireachó agus lena rí. Maidir le creach, ná tógaigí ach a mhaoin agus a eallach daoibh féin. Cuir luíochán ar an gcathair i leith a cúil.”
Nuair a chonaic Iósua agus clann Iosrael go léir go raibh an chathair gafa ag lucht an luíocháin, agus deatach na cathrach ag éirí in airde, d'iompaíodar ar ais agus d'ionsaíodar muintir Háí.