Um an dtaca sin chuaigh Hazáéil rí Arám suas agus throid sé in aghaidh Ghat agus ghabh é agus ansin chrom sé ar ullmhú d'ionsaí ar Iarúsailéim.
Ióéil 3:5 - An Bíobla Naofa 1981 Agus cibé duine a ghlaofaidh ar ainm an Tiarna slánófar é. Óir fágfar fuíoll éigin slán ar Shliabh Shíón, faoi mar a dúirt an Tiarna agus in Iarúsailéim beidh iarmhar áirithe ann a nglaofaidh an Tiarna orthu. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Do bhrígh gur ghlacabhair mairgiod, agus m'ór, agus go rugabhair da bhur tteampalluibh mo neithe maithe taitneamhacha: |
Um an dtaca sin chuaigh Hazáéil rí Arám suas agus throid sé in aghaidh Ghat agus ghabh é agus ansin chrom sé ar ullmhú d'ionsaí ar Iarúsailéim.
Thóg Áchaz a raibh d'airgead agus d'ór le fáil i dTeampall an Tiarna agus i gciste phálás an rí agus chuir é mar bhronntanas go rí na hAsaíre.
Rug seisean leis a raibh de shaibhreas i dTeampall an Tiarna agus de mhaoin i bpálás an rí. Bhris sé ina smionagar an trealamh óir a rinne Solamh rí Iosrael i gcomhair shanctóir an Tiarna. Is mar sin a comhlíonadh briathar an Tiarna.
Sa lá sin, ardóidh an Tiarna a lámh as an nua chun fuílleach a phobail a athghabháil, a mbeidh fágtha tar éis deoraíocht na hAsaíre agus na hÉigipte, ó Phatros agus ó Chúis agus ó Éalám, ó Shionár agus Hamát agus ó chríocha na farraige.
“Mar sin, tá na laethanta ag teacht - an Tiarna a labhraíonn - nach ndéarfaidh daoine níos mó: ‘Go maire an Tiarna a thug clann Iosrael as críoch na hÉigipte!’
Éistigí! Tagann teifigh agus daoine ar a gcoimeád amach as tír na Bablóine, a fhoilsiú díoltas an Tiarna ár nDia i Síón.”
Bioraigí na saigheada, líonaigí na bolgáin! “Mhúscail an Tiarna spiorad rí na Méideach, óir tá plean aige in aghaidh na Bablóine, á milleadh; seo é díoltas an Tiarna, a chúiteamh mar gheall ar a Theampall.
Tairngir dá bhrí sin agus abair leo: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, a phobal liom, tá mé chun bhur n‑uaigheanna a oscailt, chun sibh a thabhairt aníos as bhur n‑uaigheanna, agus seolfaidh mé abhaile sibh go tír Iosrael.
Ach ar Shliabh Shíón, fágfar fuíoll a thiocfaidh slán, agus beidh siad naofa; agus gheobhaidh teach Iacóib seilbh ar a shealúchas féin.