Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Ríthe 16:8 - An Bíobla Naofa 1981

8 Thóg Áchaz a raibh d'airgead agus d'ór le fáil i dTeampall an Tiarna agus i gciste phálás an rí agus chuir é mar bhronntanas go rí na hAsaíre.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Agus do ghlac Ahas an tór agus an tairgiod do fríth a ttigh an TIGHEARNA, agus a nionnmhus thighe an rígh, agus do chuir tiodhlacadh go rígh na Hassíria.

Féach an chaibidil Cóip




2 Ríthe 16:8
13 Tagairtí Cros  

Thóg Ióáis rí Iúdá na tabhartais naofa go léir a thíolaic a shinsir Iahóiseáfát agus Iahórám, agus Achaizíá, ríthe Iúdá, agus iad siúd a thíolaic sé féin, agus a bhfuarthas d'ór i gcistí Theampall an Tiarna, agus phálás an rí, agus sheol iadsan go Hazáéil rí Arám. D'imigh seisean leis ansin ó Iarúsailéim.


rinne Púl rí na hAsaíre ionradh ar an tír; thug Manachaem míle tallann airgid do Phúl d'fhonn go gcabhródh sé leis ag neartú lena ghreim ar an údarás ríoga.


Chuir Sealmaineisir rí na hAsaíre cogadh ar Hóiséa agus ghéill seisean dó agus thug cáin dó.


Thóg Ásá leis ansin an t‑airgead agus an t‑ór ó chistí Theampall an Tiarna agus phálás an rí agus sheol iad go Bein Hadad rí Arám a raibh cónaí air sa Damaisc leis an teachtaireacht:


Is ea, dhiúltaigh tú do do phobal, do mhuintir Iacóib; tá an tír lán le lucht feasa, agus le draíodóirí ar nós na bhFilistíneach; agus bítear ag bualadh boise le heachtrannaigh.


Tabharfaidh an Tiarna ort féin agus ar do phobal agus ar theaghlach d'athar laethe nár tháinig a leithéid ón am a scar Eafráim le Iúdá (rí na hAsaíre).


Tá do dhiúltú tugtha duitse, a Mhóraisit Gat. Tá tithe Aiczíb tar éis iompú amach ina n‑ábhar meallta do ríthe Iosrael.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí