Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Ríthe 16:7 - An Bíobla Naofa 1981

7 Ansin sheol Áchaz teachtairí go Tigleat Pileisir rí na hAsaíre á rá: “Mise do shearbhónta agus do mhac. Tar agus fuascail mé ó rí Arám agus ó rí Iosrael atá ag cur catha orm.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 ¶ Annsin do chuir Ahas teachda go Tiglat‐pileser rígh na Hassíria, ghá rádh, Is misi do sherbhíseach agus do mhac: tárr anshíos, agus cumhdaigh mé as láimh rígh na Síria, agus as láimh rígh Israel, noch déirigh súas am aghaidh.

Féach an chaibidil Cóip




2 Ríthe 16:7
17 Tagairtí Cros  

D'fhreagair rí Iosrael: “De réir mar a deir tú, a thiarna mo rí, is leatsa mise agus a bhfuil agam.”


I réimeas Pheacach mac Ramailiá tháinig Tigleat Pileisir rí na hAsaíre agus ghabh sé Íón, Abael Béit Mácá, Iánóa, Ceidis, Hazór, Gileád agus an Ghailíl, agus críocha Naftáilí go léir, agus dhíbir sé an pobal go léir go dtí an Asaír.


Bhí an Tiarna ina theannta agus bhí an rath air cibé áit ar a raibh a thriall. D'éirigh sé amach in aghaidh rí na hAsaíre agus d'eitigh fónamh dó.


Uime sin spreag Dia Iosrael fíoch Púl rí na hAsaíre, agus Tigleat Pileisir rí na hAsaíre, agus rinne sé iad a sciobadh leis - Reúbaen, Gád agus leath-threibh Mhanaise, agus rug sé leis iad go dtí Halach, Hábór, Hárá, agus abhainn Ghózán. Tá siad ansin go dtí inniu féin.


Chuir Áchaz rí fios ar ríthe na hAsaíre le teacht i gcabhair air.


Tháinig Tigleat Pileisir rí na hAsaíre ina choinne, chuir léigear air ach theip air é a chloí.


Is ea, dhiúltaigh tú do do phobal, do mhuintir Iacóib; tá an tír lán le lucht feasa, agus le draíodóirí ar nós na bhFilistíneach; agus bítear ag bualadh boise le heachtrannaigh.


Céard a déarfaidh tú nuair a thiocfaidh siad anuas ort mar bhuaiteoirí, an dream a mhúin tú féin a bheith mar chairde agat? Nach mbéarfaidh doilíos ort fearacht mná i dtinneas clainne?


Is mar seo a deir an Tiarna: “Is mallaithe an fear a chuireann a mhuinín i nduine, agus a bhíonn i dtuilleamaí na feola, agus a iompaíonn a chroí ón Tiarna.


Mheath ár súile orainn, ag feitheamh dúinn ar chabhair nár tugadh; bhíodh súil in airde againn ónár dtúir faire le náisiún nach bhféadfadh linn a shlánú dáiríre.


Mheirdrigh tú mar an gcéanna leis na hAsaírigh toisc tú a bheith doriartha; sea, mheirdrigh tú leo agus níorbh fhéidir do shásamh.


Shuirigh sí leis na hAsaírigh, idir rialtóirí agus uaisle, laochra in éide shómasach, marcaigh oilte ar chapaill, iad uile ina n‑ógánaigh tharraingteacha.


“Mheirdrigh Oholá nuair ba liomsa í; shuirigh sí lena leannáin na hAsaírigh, a comharsana,


Bíodh riar bhur gcáis de bhriathra agaibh, agus filligí ar an Tiarna agus abraigí leis: Maith dúinn ár gcionta uile, le go bhfaighimid uait rud is fónta, i ndíol ar na briathra a chanaimid duit.


Colm baoth gan chiall is ea Eafráim; bíonn siad ag glaoch ar an Éigipt, agus is ar an Asaír a bhíonn a dtriall.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí