Íseáia 11:11 - An Bíobla Naofa 198111 Sa lá sin, ardóidh an Tiarna a lámh as an nua chun fuílleach a phobail a athghabháil, a mbeidh fágtha tar éis deoraíocht na hAsaíre agus na hÉigipte, ó Phatros agus ó Chúis agus ó Éalám, ó Shionár agus Hamát agus ó chríocha na farraige. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)11 Agus tiucfa a ccrích san ló sin, go ccuirfe an TIGHEARNA a lámha rís an dara huáir do thártháil fhuighill na ndaóine, noch fúigfighear, ó Nassíria, agus ó Négipt, agus ó Phatros, agus ó Chus, agus ó Elam, agus ó Shinar, agus ó Hamat, agus ó oiléanuibh na fairge. Féach an chaibidil |
Is amhlaidh seo a labhraíonn an Tiarna: [Scológa] na hÉigipte agus [ceannaithe] Chúis, muintir Shaba na bhfear mór ard, tiocfaidh siad anall agus rachaidh siad i bpáirt leat; siúlfaidh siad i do dhiaidh agus slabhraí orthu. Sléachtfaidh siad i do láthair, agus guífidh siad thú, á rá: “Faratsa amháin atá Dia, agus níl a leithéid eile ann; níl dia eile ann ach é.”
“I ndiaidh mórán laethanta cuirfear tionól ort; i ndiaidh na mblianta gluaisfidh tú leat in éadan na tíre seo a tháinig slán ón gcogadh, tír inar bhailigh na daoine óna lán ciníocha ar shléibhte Iosrael a bhí riamh ina bhfásach, agus inar bhailigh siad ó na ciníocha chun cur fúthu tar éis dóibh uile teacht slán ón gclaíomh.