an lá a gcuireann tú iad, bíonn siad ag geamhrú agat, agus le teacht na maidine bíonn bláth ar do churadóireacht; ach beidh an fómhar millte lá an léin, agus an phian gan leigheas.
Ióéil 1:11 - An Bíobla Naofa 1981 Bíodh ceann faoi oraibhse, a fheirmeoirí! Déanaigí olagón, a shaothróirí fíniúna, faoin gcruithneacht agus faoin eorna mar tá fómhar na ngort millte. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Biodh náire oruibhsi, a fheara tighe; núalluigh, a lucht dheasuighthe na fíneamhna, ar son na cruithneachda agus ar son na héorna; do bhrígh gur mheath fóghmhar an mhachaire. |
an lá a gcuireann tú iad, bíonn siad ag geamhrú agat, agus le teacht na maidine bíonn bláth ar do churadóireacht; ach beidh an fómhar millte lá an léin, agus an phian gan leigheas.
“Tá Iúdá ag caoineadh, tá a bailte ag déanamh dobróin agus iad íslithe go talamh; téann éamh ó Iarúsailéim suas.
Tóg ón mBablóin an síoladóir, agus fear an chorráin san fhómhar. Éalaígí ón gclaíomh millte, déanadh gach duine ar a dhaoine féin, teitheadh gach fear dá dhúiche féin.
Cé hé an duine críonna a thuigfidh é seo? Cé leis a labhair béal an Tiarna féin le go bhfoilseodh sé: Cad chuige ar scriosadh an tír, agus go ndearnadh fásach di gan siúl aon duine inti?
“A mhic an duine, tairngir agus abair: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Caoin: ‘Mairg don lá!’
Dá bhrí sin is mar seo a deir an Tiarna, Dia na Slua, an Tiarna: Beidh caoineadh i ngach cearnóg baile agus mairgneach i ngach sráid: “Ochón, ochón.” Glaofaidh siad na feirmeoirí chun mairgní agus an t‑aos caointe chun olagóin,
Ní chliseann an dóchas seo orainn mar tá ár gcroí líonta de ghrá Dé tríd an Spiorad Naomh a tugadh dúinn.