Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 50:16 - An Bíobla Naofa 1981

16 Tóg ón mBablóin an síoladóir, agus fear an chorráin san fhómhar. Éalaígí ón gclaíomh millte, déanadh gach duine ar a dhaoine féin, teitheadh gach fear dá dhúiche féin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 Géarr amach an síoladóir ón Bhabilóin, agus an té ghlacus an corrán a naimsir a nfoghmhair: deagla an chloidhimh mhilltigh fillfeadh gach uile dhuine chum a dhaoine, agus teithfidh gach uile dhuine dá dhúthaigh féin.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 50:16
7 Tagairtí Cros  

Ansin, mar a bheadh fia á sheilg, mar a bheadh tréad caorach gan duine lena locadh, tabharfaidh gach aon a aghaidh ar a mhuintir féin, agus teithfidh chun a dhúiche féin.


Tá an leon tar éis a uachais a fhágáil, anois tá a dtír ina fhásach, de bharr an chlaímh mhillte, de bharr díbheirg fhíochmhar an Tiarna.”


Sea, shín an Tiarna ar shlait a dhroma é! Thit sé as a sheasamh, agus anois tá sé ar lár! Ansin ar siad lena chéile: ‘Suas linn! Déanaimis ar ár ndaoine féin, go tír ar nduchais, i bhfad ó chlaíomh na díbheirge!’


is leat a bhris mé an t‑aoire agus an tréad, an treabhadóir agus a sheisreach na huaisle agus na fir cheannais.


‘Thugamar faoi leigheas na Bablóine; ach níor tháinig uirthi biseach. Ligigí di agus téanaimis, gach fear againn, dá thír féin.’ Sea, sroicheann a breithiúnas go neamh; ardaítear é chun na spéartha.


Bíodh ceann faoi oraibhse, a fheirmeoirí! Déanaigí olagón, a shaothróirí fíniúna, faoin gcruithneacht agus faoin eorna mar tá fómhar na ngort millte.


Dá bhrí sin is mar seo a deir an Tiarna, Dia na Slua, an Tiarna: Beidh caoineadh i ngach cearnóg baile agus mairgneach i ngach sráid: “Ochón, ochón.” Glaofaidh siad na feirmeoirí chun mairgní agus an t‑aos caointe chun olagóin,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí