An gean leat bheith do mo chiapadh, Bheith ag maslú saothar do lámh, Agus ag cuidiú le comhairle na gcoirpeach?
Iób 9:22 - An Bíobla Naofa 1981 Sé an dá mhar a chéile é, uime sin a deirim: Scriosann sé idir neamhurchóideach agus choirpeach. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agso éainní amháin, uime sin a dubhairt mé, Scriosuidh sé an firéun agus an cionntach. |
An gean leat bheith do mo chiapadh, Bheith ag maslú saothar do lámh, Agus ag cuidiú le comhairle na gcoirpeach?
Óir is eol duit nach bhfuilim urchóideach, Agus nach bhfuil aon duine le fuascailt a dhéanamh as do láimh.
Do lámha a chum agus a cheap mé, Agus an gcasfaidh tú agus mé a scrios dá éis sin?
Tá a fhios agam gur go dtí an bás atá tú do mo bhreith, Agus go teach cruinnithe na mbeo go léir.
Mar nár dhúirt sé: “Saothar in aisce é Do dhuine a bheith ag iarraidh Dia a shásamh.”
Tarraingeoidh mé mo chlaíomh as a thruaill leis an bhfíréan agus an ciontach a leagan, ón Neigib ó thuaidh.