Iób 7:5 - An Bíobla Naofa 1981 Tá míola ag snámh ar mo chorp agus salachar ina bhrat air; Tá mo chraiceann ag scoilteadh agus ag leá leis. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Atá mo chorp ar na éadughadh le peistibh agus le spairtibh luaithrigh, atá mo chroiceann briste, agus ar mbréunadh. |
Tá mo chuid feola ag lobhadh faoi mo chraiceann, Tá mo chnámha ag gobadh amach ar nós fiacal.
Dá bhfeicfinn é ar scaradh le mo chneas, Dá bhfaighinn radharc ar mo Dhia agus mé díchollaithe,
Dhéanfadh an bhroinn a dhealbhaigh é dearmad air, Agus ní thabharfaí a ainm chun cuimhne a thuilleadh. Mar sin a bhascfaí an urchóid mar a dhéanfaí crann.”
ó bhonn na gcos go baithis, níl ball folláin ann: créachtaí, fearbacha, cneánna oscailte nach ndeachaigh bréid ná ceangal orthu, ná cógais ola.
Tá do phoimp caite síos go Seól, mar aon le ceol do chuid cláirseach; na péisteanna atá mar leaba fút agus na cnumhóga ina gclúdach os do chionn.
Agus nuair a théann siad amach, feicfidh siad corpáin na ndaoine sin a rinne ceannairc i m'aghaidh. A gcnumhóg siúd, ní rachaidh in éag ná a dtine ní mhúchfar ábhar gránach a bhéas iontu ag an gcine daonna go léir.
Cuimhneoidh sibh ansin ar bhur mbealaí agus ar bhur ngníomhartha lenar truaillíodh sibh; agus tabharfaidh sibh fuath daoibh féin as an uile pheaca dar chleacht sibh.
Agus ar an mball bhuail aingeal an Tiarna ar lár é de chionn nár thug sé onóir do Dhia. Fuair sé bás agus é á ithe ag péisteanna.