Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Iób 6:25 - An Bíobla Naofa 1981

Nach bríomhar iad briathra ionraice! Ach cén tairbhe ceartú uaibhse?

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Cred é neartmhuire na mbríathar cceart! acht cred an ní imdheargus bhur naighnios?

Féach an chaibidil



Iób 6:25
15 Tagairtí Cros  

Uch nach gcoimeádfadh sibh bhur mbéal dúnta! Ba chríonna an mhaise daoibh é!


Cén chiall mar sin atá le bhur sólás baoth? Maidir le bhur bhfreagraí, níl fágtha iontu ach bréag!


Muran mar sin atá, cé a chruthóidh gur thugas m'éitheach, Nó cé a thaispeánfaidh nach fíor iad mo ráite?


Dá dtuigfeadh sibh féin go léir iad, Ní chuirfeadh sibh bhur n‑anáil amú ar bhriathra baotha.


Bhí a racht dírithe leis ar a thriúr cairde, mar nár thángadar ar fhreagra, agus gur dhaoradar [Dia].


Ba thaca iad do bhriathra don té a fuair tuisle; Neartaigh tú na glúine laga.


Tugaigí teagasc dom, agus beidh mé i mo thost; Taispeánaigí dom cá ndeachaigh mé amú.


An fiú libh focail a cháineadh, Focail éadóchais a imíonn le gaoth?


Tá duine ann ar geall le sá claímh a mhearbhriathra; ach bíonn cneasú á iompar ag teanga an eagnaí.


Gabhann áthas le freagra pras, agus nach maith é an focal i dtráth!


Tá bás agus beatha faoi smacht na teanga; an mhuintir ar geal leo í, ní foláir dóibh a toradh a chaitheamh.


An focal i luí gaidhte, is cuma é nó úlla óir i leaba airgid.