“Rinne mé é,” arsa Abrahám, “mar gur mheas mé nach mbeadh aon eagla Dé ar aon chor san áit seo agus go maródh na daoine mé de bharr mo mhná.
Iób 6:14 - An Bíobla Naofa 1981 Nuair a thréigeann a chara an té atá in éadóchas, tugann sé droim láimhe le heagla an Uilechumhachtaigh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Don tí ar a mbí buáidhreadh do budh cóir da charuid a éaccaóine; acht tréigidh sé eagla a Nuile‐chumhachduigh. |
“Rinne mé é,” arsa Abrahám, “mar gur mheas mé nach mbeadh aon eagla Dé ar aon chor san áit seo agus go maródh na daoine mé de bharr mo mhná.
Nuair a bhíodh an cúrsa fleá thart chuireadh Iób fios orthu teacht agus iad féin a íonghlanadh; d'éiríodh sé go moch ar maidin agus d'ofráladh sé íobairtí uileloiscthe thar cheann gach duine díobh go léir. Óir deireadh Iób: “Cá bhfios nár pheacaigh mo chlann mhac agus nár thug siad masla do Dhia ina gcroí?” Mar sin a rinne Iób i gcónaí.
Thabharfainn misneach duit le briathra mo bhéil Agus ní dhiúltóinn sólás mo bheola.
Bíodh trua agaibh dom, a chairde liom, bíodh trua agaibh dom, Óir threascair lámh Dé mé.
Is cuma nó fiacail lofa nó cos leonta fear gan dílseacht ar a mbeifí ag brath in am an ghátair;
“Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: ‘Tugaigí fíorbhreithiúnas uaibh; taispeánadh gach duine agaibh buanghrá agus trua dá bhráthair.
Ach thug an duine eile casaoid dó agus dúirt: “An ea nach bhfuil eagla Dé ort, agus tusa faoin daorbhreith chéanna?
Dá chionn sin, má bhíonn tinneas ar bhall amháin bíonn na baill go léir i gcomhphian leis, agus má bhíonn ball faoi mheas, bíonn na baill go léir ag déanamh comhghairdis leis.
Déanaigí ualaí a chéile a iompar agus sa tslí sin beidh sibh ag comhlíonadh dlí Chríost.
Cuimhnígí ar na daoine atá i bpríosún amhail is dá mbeadh sibh féin i bpríosún leo. Cuimhnígí freisin ar na daoine atá ag fulaingt drochíde mar tá sibhse féin ar an aiste chéanna leo.