Iób 5:8 - An Bíobla Naofa 1981 Uime sin is chun Dé a ghairmfinn Agus is dó a nochtfainn mo chúis; An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Do ghuidhfinn chum Dé, agus is a leith Dé do chuirfinn mo chúis: |
Déan réiteach le Dia agus bíodh síocháin agat Agus rachaidh sin go mór i dtairbhe duit.
Má théann tú faoi choimirce Dé, Agus achainí a dhéanamh chuig an Uilechumhachtach,
Glaoigh orm ansin in am na hanacra; saorfaidh mé thú agus tabharfaidh tú urraim dom.”
Ach, a Thiarna na Slua, is tú an breitheamh cóir, is tú a scrúdaíonn na háranna agus an croí; feicimse do dhíoltas orthu, mar is i do lámha a chuir mé mo chúis.
Sin é an fáth a bhfuil na nithe seo le fulaingt agam; ach ní náir liom iad mar go bhfuil a fhios agam cé air a bhfuil mo sheasamh: agus táim cinnte de go bhfuil ar a chumas an taisce a d'fhág sé faoi mo chúram a ghardáil go dtí an lá úd.
Nuair a caitheadh achasán leis níor chaith sé achasán ar ais; nuair a bhí sé ag fulaingt ní dhearna sé bagairt, ach d'fhág sé a chúis faoin té a thugann breith go cóir.
An mhuintir a fhulaingíonn dá bhrí sin de réir thoil Dé, déanaidís an ceart agus cuiridís cúram a n‑anama ar an gCruthaitheoir dílis.