Ansin, ar achainí Abrahám leigheas Dia Aibímeilic agus a bhean agus a dhaoir mná i dtreo gur rugadh clann dóibh.
Iób 42:8 - An Bíobla Naofa 1981 Faighigí, dá bhrí sin, seacht dtarbh agus seacht reithe agus téigí go dtí mo shearbhónta Iób, agus ofrálaigí íobairt uileloiscthe ar bhur son féin; agus déanfaidh mo shearbhónta Iób guí ar bhur son. Éistfidh mé lena impí gan bhur mbaois a agairt oraibh nár inis sibh an ceart fúm faoi mar a rinne mo shearbhónta Iób.” An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Uimesin glacuidh chugaibh anois seachd mbulóga agus seachd reithe, agus éirghidh a cceann mo shearbhfhoghantuigh Iób, agus ofraluidh súas ar bhur son féin íodhbuirt loisge; agus gúidhfidh mo shearbhfhoghantuigh Iób ar bhur son: óir glacfuigh misi leis: deagla go ndéanuinn ribh do réir bhur leimhe, do chionn nar labhrabhair orum an ní is ceart, mar mo shearbhfhoghantuigh Iób. |
Ansin, ar achainí Abrahám leigheas Dia Aibímeilic agus a bhean agus a dhaoir mná i dtreo gur rugadh clann dóibh.
Tabhair an bhean ar ais, más ea, dá fear céile anois, óir is fáidh é agus guífidh sé ar do shon agus mairfidh tú. Ach mura dtabharfaidh tú ar ais í, bíodh a fhios agat go bhfaighidh tú féin agus cách is leat bás na mbás.”
De bhrí go raibh Dia ag cabhrú leis na Léivítigh a bhí ag iompar áirc chonradh an Tiarna, d'ofráil siad seacht dtarbh agus seacht reithe.
Thug siad leo seacht dtarbh, seacht reithe, seacht n‑uan, agus seacht bpocán, mar íobairt pheaca don ríocht don sanctóir agus do Iúdá. Dúirt an rí ansin leis na sagairt, clann Árón, iad a ofráil ar altóir an Tiarna.
Nuair a bhíodh an cúrsa fleá thart chuireadh Iób fios orthu teacht agus iad féin a íonghlanadh; d'éiríodh sé go moch ar maidin agus d'ofráladh sé íobairtí uileloiscthe thar cheann gach duine díobh go léir. Óir deireadh Iób: “Cá bhfios nár pheacaigh mo chlann mhac agus nár thug siad masla do Dhia ina gcroí?” Mar sin a rinne Iób i gcónaí.
Agus dúirt an Tiarna leis an Sátan: “Ar thug tú mo sheirbhíseach Iób faoi deara? Níl a leithéid eile ar domhan; fear ionraic fónta is ea é, tá eagla Dé air agus seachnaíonn sé an t‑olc.”
Fuasclaíonn sé an neamhchiontach, Agus tiocfaidh [tusa] slán trí ghlaine do lámh.
Do chomharsa a bhíonn thíos le d'urchóid, Agus is leis an duine daonna a bhaineann do dheabhearta.
D'imigh Eilífeaz óThéamán, Bildead ó Shiúach, agus Zófár ó Namát, leo d'fhonn déanamh mar a d'ordaigh an Tiarna, agus ghlac an Tiarna le guí Iób.
Ní de réir ár bpeacaí a roinneann sé linn; ní de réir ár gcionta a chúitíonn sé linn.
Ansin d'ofráil Iatró athair céile Mhaois íobairt loiscthe agus ofrálacha do Dhia agus tháinig Árón agus seanóirí Iosrael go léir chun an béile a chaitheamh i gcuideachta athair céile Mhaois os comhair Dé.
Tiocfaidh clann lucht an ansmachta ag cromadh síos i do láthair; sléachtfaidh ag do chosa an dream a mba tháir leo thú. Tabharfaidh siad Cathair an Tiarna ort, Síón Neach Naofa Iosrael.
Dúirt an Tiarna liom: “Dá seasfadh Maois agus Samúéil i m'fhianaise ní fhéadfadh mo chroí téamh leis an bpobal seo! Díbir amach as mo radharc iad; imídís leo!
dá mbeadh fiú an triúr seo ann, Naoi, Dainéil agus Iób, ní thabharfaidís slán de bharr a bhfíréantachta ach a mbeatha féin amháin - an Tiarna Dia a labhraíonn.
Ar feadh seacht lá na féile ofrálfaidh sé mar íobairt dhóite don Tiarna seacht dtarbh óga agus seacht reithe gan smál, gach lá den tseachtain; agus pocán gabhair gach lá mar íobairt pheaca.
Dúirt Balám le Bálác: “Tóg seacht n‑altóirí anseo dom agus tabhair anseo chugam seacht dtarbh agus seacht reithe.”
Thug sé leis é go Gort na Spiairí i dtreo mhullach Phisceá. Thóg sé seacht n‑altóirí ansiúd agus d'ofráil sé tarbh agus reithe ar gach altóir.
Ansin dúirt Balám le Bálác: “Tóg seacht n‑altóirí anseo dom, agus tabhair anseo chugam seacht dtarbh agus seacht reithe.”
Agus tháinig glór ó na flaithis a dúirt: “Is é seo mo Mhac muirneach dár thug mé gnaoi.”
trí Íosa Críost, i dtreo go molfaí an grásta as cuimse a roinn sé orainn go fras ina Mhac muirneach.
Is mór an dochar a rinne Alastar, an gabha copair, dom ach cúiteoidh an Tiarna a ghníomhartha leis.
Leis an bhfírinne a rá, ní féidir le fuil tharbh agus ghabhar peacaí a chur ar ceal.
Dá thoradh sin, is féidir leis na daoine a thagann chun Dé tríd a shlánú go hiomlán de bhrí go maireann sé de shíor chun idirghuí a dhéanamh ar a son.
An bhfuil aon duine in bhur measc atá tinn? Cuireadh sé fios ar sheanóirí na heaglaise agus guídís os a chionn agus déanaidís é a ungadh le hola in ainm an Tiarna.
Admhaígí bhur bpeacaí dá chéile agus guígí ar son a chéile ionas go leigheasfar sibh; is mór í éifeacht urnaí dhúthrachtach an duine fhíréanta.
Má airíonn éinne a bhráthair ag déanamh peaca nach peaca chun báis é, cuireadh sé an duine sin faoi bhrí na guí agus tabharfaidh [Dia] dó an bheatha don dream nach peaca chun báis a bpeaca. Tá peaca ann ar peaca chun báis é; ní faoina leithéid sin a mholaim an ghuí a dhéanamh.
Sé Íosa Críost an té a tháinig le huisce agus le fuil agus leis an Spiorad. Ní leis an uisce amháin ach leis an uisce agus leis an bhfuil; agus tá an Spiorad ag tabhairt fianaise, mar gurb í an fhírinne an Spiorad.
Féach! tabharfaidh mé do shionagóg Shátain iad siúd a deir gur Giúdaigh iad féin agus nach ea, ach gur bréag dóibh sin, agus, féach, cuirfidh mé iallach orthu teacht agus sléachtadh ag do chosa agus a thuiscint go bhfuil grá agam duit.
Ansin ghlac Dáiví óna láimh a raibh tugtha aici chuige agus dúirt sé léi: “Imigh leat abhaile faoi shíocháin; féach, thug mé cluas duit, agus rinne mé mar a d'iarr tú.”